Uimesin ḃéara misi cuid ḋó a mórán, agus roinnfe sé an ċreaċ ris an ccuṁaċdaċ; do ḃríġ gur ḋóirt sé amaċ a anam ċum báis: agus gur hairṁeaḋ a measc na cciontaċ é; agus gur iomċuir sé peacuiḋe ṁóráin, agus go ndéarna sé guiḋe ar son na cciontaċ.
Agus tar éis dá ṡeaċdṁuin agus trí fiṫċid géarfuiġear amaċ Messiah, aċt ní ar a ṡon féin: agus scriosfuiḋ pobal an ṗrionnsa ṫiucfas an ċaṫair agus an tsanctóir; agus biáiḋ a ccríoċ sin lé tuile, agus go deireaḋ an ċogaiḋ do cinneaḋ a náonranaċt.
Agus dá mbeiṫ go ḃfoileoċaidís íad féin a mullaċ Ċarmel, spíonfa misi agus do ḃéara mé as sín íad; agus da mbeiṫ go mbeidís a ḃfolaċ óm raḋarc a níoċtar na fairge, annsin áiṫeonuiḋ mé don naiṫir niṁe, agus beanfuiḋ sí greim asta:
Agus an tan do ċunnairc sé mórán do Ṗáirisíneaċaiḃ agus do na Sadúiseaċaiḃ ag teaċd do ċum a ḃaisdiġ féin, a dúḃairt sé ríu, A ṡíol na naiṫreaċ neiṁe, cía do ḟoillsiġ ḋáoiḃ teiṫeaṁ ón ḟeirg atá ag teaċd?
As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.
A duḃairt sé. Aḟir lán do ṁeaḃail agus dolc, a ṁic an díaḃail, agus a naṁuid na huile ḟiréntaċda, an é naċ sguirfe tú do ṡliġṫiḃ diorġa an Tiġearna do ċur bunoscionn?
Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:
An tí do ní peacaḋ, as ón díaḃal atá sé; óir atá an díaḃal ag déunaṁ peacuiġ ó ṫosaċ. As ċuige so do foillsiġeaḋ Mac Dé, ionnus go sgaóilfeaḋ sé oibreaċa an díaḃail.
Agus do ġáḃ fearg an dragún ris an mnaói, agus do imṫiġ sé do ḋéunaṁ coguiḋ ris an gcuid eile dá síol, ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus aga ḃfuil fíaḋnuise Iósa Críosd.
Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.
Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.