Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 3:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Anois do ḃí a naṫair niṁe ní buḋ cealguiḋe ná áoin ḃeiṫeaċ san ṁaċaire dá ndéarna an TIĠEARNA Día. Agus a duḃairt sí ris an ṁnáoi, A neaḋ, a nduḃairt Día, Ní iostáoi dá gaċ áon ċrann sa ngáirdín?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 3:1
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír má ṫuitid síad, toigeoḃuiḋ an fear oile a ċompánaċ: aċt a ṁairg don té ḃíos na áonar a nuáir ṫuitios sé; óir ní ḃí duine oile aige do ċungnaṁ a ṫógṫa súas.


Annsa ló sin smaiċdeoċuiḋ an TIĠEARNA le na ċloiḋeaṁ géur agus mór agus láidir leḃiatan an naiṫir niṁe ṫolltaċ, eaḋon leḃiatan a naiṫir niṁe ċam; agus muirfiḋ sé an dragún atá annsa ḃfairge.


Féuċ, cuirimse siḃse mar ċáorċaiḃ a measg ṁadraḋ állta: ar anaḋḃarsin bíḋiḋ glic mar na haiṫreaċa neiṁe, agus neamburċóideaċ mar na colama.


Agus air dteaċd do náiḋḃirséoir ċuige, a duḃairt sé, Mas tusa Mac Dé aiṫin do na cloċuiḃsi ḃeiṫ na narán.


Agus a duḃairt sé ris, Mas tú Mac Dé, teilg ṫú féin síos: óir a tá sé sgríoḃṫa, Go ttioḃruiġ sé aiṫne da aingliḃ ad ṫimċeall: agus toigaḃuiḋ síad ṫú ann a láṁaiḃ, do ċum naċ mbúailfeá do ċos fá ċloiċ.


Agus a duḃairt sé ris, Do ḃéaruiḋ mise iád so uile ḋuit, má ṡléaċdann tú ḋaṁ dom onóruġaḋ.


Agus ní híongnaḋ sin; óir cuiriḋ Satán é féin a ḃfoirm aingil na soillse.


Giḋeaḋ atá eagla oram, mar do ṁeall naiṫir neiṁe Eúḃá ré na ṁeaḃaill, go dtruáillfiḋe ḃur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimpliḋeaċd noċ atá a Gcríosd.


A ḟíora, mar an gcéudna, déunuiḋ cóṁnuiġe a ḃfoċair ḃur mban mar is cuḃaiḋ do ḋaóiniḃ iúlṁara, ag taḃairt onóra don ṁnaói, aṁuil don tsoiṫeaċ as laige, aṁail fós atá siḃ ḃar gcóṁóiġriḃ ġrás na beaṫa; deagla ṫoirmisg do ċur ar ḃur nurnuiġiḃ.


Agus do ṫeilg a naiṫir niṁe uisge mar ṡrúṫ as a ḃéul a ndiáiġ na mná, ionnus go dtiuḃraḋ fó deara ḋi imṫeaċd ré fánuiġ ris an tsrúṫ.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus rug sé ar an drágún, an seanaṫair niṁe, noċ is Díaḃal agus is Satán ann, agus do ċeanguile sé é míle blíaḋain,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ