7 Agus gur uṁluiġ Iacob do aṫair, agus dá ṁaṫair, agus go ndeaċuiḋ go Pádan-Aram,
Agus do ḃí Isaac ceaṫraċad bliaḋain dáois a núair ṫug sé Rebecah do ṁnaoi, Inġean Ḃétuel an Sírianaċ ó Ṗadan-aram, deirḃṡiúr do Lában an Sírianaċ.
Anois ar a naḋḃarsin, a ṁic, uṁluiġ dom ġlórsa; agus éiriġ go Lában mo ḋearḃraṫair go Háran;
A núair do ċonnairc Esau gur ḃeannuiġ Isaac, Iacob, agus gur ċuir ar siuḃal é go Pádan-Aram, do ṫaḃairt mná as sin; agus aṁuil do ḃeannuiġ é, go ttug aiṫne ḋó, ag ráḋ, Ní ṫiuḃra tú bean dinġeanuiḃ Ċánaain;
Agus mar do ċonnairc Esau nár ṫaitin inġeana Ċánaain ré na aṫair Isaac;
Onoruiġ haṫair agus do ṁaṫair: ionnus go ma fada do laeṫe ar an ttalaṁ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit.
A ṁic, éisd ré teagasg haṫar, agus ná tréig dliġeaḋ do ṁaṫar:
An tsúil do ní magaḋ fa na aṫair, agus ṫarcuisniġios úṁlaċt a ṁaṫar, priocfuid féiċ an ġleanna amaċ í, agus íosuid na hiolair óga í.
¶ Biáiḋ eagla ḃur maiṫreaċ, agus ḃur naiṫreaċ aguiḃ (ar gaċ áon ḟear), agus coiṁéaduiġ nó ṡábóid: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
A ċlann, bíġiḋ úṁal dá ḃur naiṫriḃ agus da ḃur maiṫriḃ sa Dtíġearna: óir as coir so.
Ionnus go mbíaḋ raṫ ort, agus go mbíaḋ fad-sáoġuil agad ar an dtalaṁ.
A ċlann, bíġiḋ úṁal do ḃur naiṫriḃ agus do ḃur máṫriḃ sna huile neiṫiḃ: óir as mór gean an Tíġearna ar so.