Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.
Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe.
Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad.
Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Agus do ċrioṫnuiġ Isaac do ċriṫ úaṫḃásac, agus a duḃairt, Cía he, cáit á ḃfuil an té do rinne fíaḋaċ, agus tug ċugamsa é, agus a dúaiġ mé da gaċ éinmi, suil ṫáinic tusa, agus do ḃeannuiġ mé é? agus fos, bíaiḋ beannuiġe.
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Agus Día uile ċuṁaċdaċ do ṫaḃairt grás díḃ a laṫair a nóglaoiċ, ionnus go ccuirfiḋ sé liḃ ḃur ndearḃraṫair eile, agus Beniamin, Ma ċaillimsi mó ċlann, do ċaill me meféin.
Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe.
Lé Día haṫar dá ríriḃ, noċ ċuidéoċas leaċd, agus leis a nuileċuṁaċdaċ, noċ beinneóċus tú le beannuġaḋ niṁé ṡuas, beannuġaḋ a naigéin atá a níoċdar ṡíos, beannuġaḋ na gcíoċ, agus na mbronn:
Muna ḃfoirgníġe an TIĠEARNA an tiġ, is díoṁaóin oibriġid an luċt ḟoirgniġios é: muna ccuṁduiġe an TIĠEARNA an ċaṫair, is go díoṁaóin do ní an fear coiṁéada faire.
¶ Agus, féaċ, ṫáinig Boas ó Ḃetlehem, agus a duḃairt ris na buanuiġiḃ, Go raiḃ an TIĠEARNA maille riḃ. Agus do ḟreagradarsan é, go mbeanuiġ an TIĠEARNA ṫusa: