Agus do ḃéur ort a ṁionnuġaḋ treas an TTIĠEARNA, Día niṁe, agus Día na talṁan, naċ dtiuḃra tú bean dom ṁac dinġeanuiḃ na Ccanaaniteaċ, a measc a náitreaḃuim:
Agus a duḃairt Rebecah ré Hisaac, atáim currṫa dom ṡáoġal do ċionn inġeana Hét: má ṗósan Jacob bean as inġeanuiḃ Hét, mar íad so, atá as inġeanuiḃ na tíre, créad an ṁaiṫ ḋéunas mo ḃeaṫa ḋaṁsa?
A núair do ċonnairc Esau gur ḃeannuiġ Isaac, Iacob, agus gur ċuir ar siuḃal é go Pádan-Aram, do ṫaḃairt mná as sin; agus aṁuil do ḃeannuiġ é, go ttug aiṫne ḋó, ag ráḋ, Ní ṫiuḃra tú bean dinġeanuiḃ Ċánaain;
Agus do ḃeannuiġ sé Ióseṗ, agus a duḃairt, Día, ós cuinne ar ṡioḃail mo aiṫreaċa Abraham agus Isaac, an Día do ḃeaṫuiġ mé ar feáḋ mo ṡaoġuil gus a niuġ.
Asíad so uile ḋá ṫreaḃ ḋéag Israel; agus a sé so an ní do laḃair a naṫair ríu, agus do ḃeannuiġ íad; gaċ áon fa leiṫ do réir a ḃeannaċda do ḃeannuiġ iad.
Tugaiḋ mná, agus geiniḋ mic agus inġeana; agus tugaiḋ mná da ḃur macaiḃ, agus tugaiḋ ḃur ninġeana dfearuiḃ, ċor go mbeirid mic agus inġeana; ċor go síolfuiḋe annsin, agus naċ laiġdeoċṫaói.
Annois ṫug Maóise sealḃ do leiṫṫreiḃ Ṁanasseh a Mbásan: aċ don leiṫṫreiḃ oile ḋíoḃ ṫug Iosua a measc a ndearḃráiṫreaċ don taóiḃsi do Iordan leaṫ ṡiar. Agus a nuáir do ċuir Iosua ar siuḃal íad sin fós dá loistíniḃ, annsin do ḃeannuiġ sé íad,