Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 27:41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus do ḟuaṫuiġ Esau Iacob ar son na beannaċda lear ḃeannuiġ a aṫair é: agus a duḃairt Esau na ċroiḋe, Atáid láeṫe cuṁa ar son máṫar a ḃfogus; ann sin ṁuirfeas misi mo ḋearḃraṫair Iacob.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 27:41
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do hinniseaḋ do Rebecah na briaṫrasa Esau a mic buḋ sine: agus do ċuir sí fios agus do ġoir sí Jácob a mac dob óige, agus a duḃairt ris, Féuċ, do ḋearḃraṫair Esau, ar do ṡonsa, do ḃeir sé solás dó féin, ré cur roiṁe ṫusa ṁarḃaḋ.


Sáor mé, iarrum ort, ó láiṁ mo ḋearḃraṫar, ó láiṁ Esau: óir atá eagla agus roiṁe, dfaitċios go ttiocfaḋ, agus go mbuáilfeaḋ mé, agus an ṁaṫair maille ris an ccloinn.


Agus do ċuir Iacob teaċda roiṁe, go Hésan a ḋearḃraṫair go fearann Seir, eaḋon talaṁ Edom.


Agus do ḟilleadar na teaċda go Iacob, ag ráḋ, Tangamairne go nuige do ḋearḃráṫair Esau, agus atá seision ag teaċd mar an gcéudna do ṫeagṁáil ort, agus ceiṫre ċéud fear leis.


Agus do ṫiomun Isáac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do cruinniġeaḋ ċum a ḋaóine é, ar mbeiṫ foirfe lán dáois dó: agus do aḋlaiceadur a ċlann Esau agus Iácob é.


Agus a nuáir do ċónncadar é a ḃfad úaṫa, suil ṫáinic sé na ngar, do coṁairliġeadur a ṁarḃaḋ.


Agus a nuáir do ċonncadar a ḋearḃráiṫre gur ḃannsa le na naṫair é ná a ḋearḃráiṫre uile, do ḟuaṫiġeadar é, agus ní ḟéadaidís laḃairt go sioṫċánta ris.


Agus a duḃradar a ḋearḃráiṫre ris, An mbiáiḋ tusa go deiṁin ag ríġe ós ar ccionne? nó an mbiáiḋ go deiṁin uaċdaranaċd agad oruinn? agus bá móide fós a ḃfuaṫ air, tré na aislingiḃ, agus tré na ḃríaṫruiḃ.


¶ Agus a nuáir do ċoncadur dearḃraíṫre Ioseṗ go ḃfuáir a naṫair bas, a dúḃradur, Do bféidir go mbiaḋ fúaṫ ag Ioseṗ ḋúinne, agus go gcúiteoṁaḋ rinn gó deiṁin a ndearnamar dolc air.


Agus do aíṫṫin Ioseṗ dá ṡearḃfoġantuiḃ na leaġa, a aṫar do ḃalmnuġaḋ: agus do ḃalmnuiġeadur na leaġa Israel.


Uimesin do ṫógḃadar a ṡerḃísiġ as an ccarbad sin é, agus do ċuireadar é annsa dara ccarbad do ḃí aige; agus ṫugadar go Ierusalem é, agus déug sé, agus do haḋlaiceaḋ é a náon do ṫúamuiḃ a aiṫreaḋ. Agus do ḃí cuṁaḋ ar Iúdah uile, agus ar Ierusalem um Iosiah.


A nuáir do ḃí mo spiorad claóiḋte ionnum, annsin bá haiṫne ḋuitsi mo ċasan. Annsa tsliġe ionar ṡiuḃail mé do ċuireadar paintéar roṁam.


Diomċras mé féin aṁluiḋ is gur ḃé mo ċaruid nó mo ḋearḃraṫair é: duṁluiġios a nduiḃéadaċ, mar an té do ní doilġios ar son a ṁaṫar.


Is féarr an beagan atá ag an ḃfíréun ná saiḋḃrios ṁóráin do ḋroċḋaóiniḃ.


Oír riṫid a ccosa ċum uilc, agus do níd deíṫnios do ḋórtaḋ fola.


Dearḃráṫair ar na ḟearguġaḋ is deacra a ḟaġáil ná caṫair láidir: agus is cosṁuil a nimreasuin ré barraḋuiḃ caisléin.


Bí aíngiḋeaċd iona ċroiḋe, tionsgnuiḋ sé urċoid a ccoṁnuiġe; síolċuiriḋ sé imreasuin.


Ná bí deiṫniosaċ ann do spioraid ċum feirge: óir coṁnuiġiḋ a nfearg a mbrollaċ na namadáin.


Do ḃríġ go raiḃ fúaṫ síorruiḋe agad, agus gur ḋóirt tú fuil ċloinne Israel lé neart an ċloiḋiṁ a naimsír a naindeise, annsa nam a raiḃ deireaḋ ag á néigceart:


¶ Agus do ġuileadar clann Israel ar son Ṁaóisi a réitéaċ Ṁoab tríoċad lá: mar sin do críoċnuiġeaḋ laéṫe gola agus caóinte ar son Ṁaóise.


Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ