39 Agus do ḟreagair Isaac a aṫair agus a duḃairt ris, Féuċ, buḋ é háitreaḃ sult na talṁan, agus ó drúċ ḟlaiṫeaṁnus a nsúas;
Uime sin go ttugaiḋ Día ḋuit do ḋrúċd niṁe, agus do ṡult na talṁan, agus iomad arḃa agus fíona:
As tré ċreideaṁ do ḃeannuiġ Isáac Iácob agus Esáu a dtáoḃ na neiṫeann do ḃí ċum teaċda.
Agus ṫug mé Disaac, Iacob agus Esau: agus ṫug mé do Esau sliaḃ Seir, re ṡealḃúġaḋ; aċd do ċuáiḋ Iácob agus a ċlann síos don Négipt.
Agus a duḃairt Esau, Atá go lór agamsa a ḋearḃraṫair; bíoḋ an ní as leaċd agad féin.
¶ Agus a duḃairt sé ar Ióseṗ, Go maḋ beannuiġ ón TTIĠEARNA ḃías a ḋúiṫċe, do neiṫiḃ mórluáiġ neiṁe, don drúċd, agus don naigéin luiġios ṡíos,
Aítreaḃuiġ Israel ann sin a ndaingion na áonan: biáiḋ tobar Iacob ar ḟearann arḃa agus fíona; silfiḋ fós a ḟlaiṫeas drúċd a nuas.
Agus táinic ċuige, agus do ṗóg é: aus do ḃoltnuiġ balaḋ éaduiġ, agus do ḃeannuiġ é, agus a duḃairt, Féuċ, atá balaḋ mo ṁic mar ḃalaḋ ṁuiġe do ḃeannuiġ an TIĠEARNA.