Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 27:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Go ndéana puibleaċa seirḃís duit, agus go nuṁluiġe ciniḋeaċa síos duit; bi ad ṫiġearna ós cionn do ḋearḃráiṫreaċ, agus uṁluidís mic do ṁaṫar ḋuit: go má malluiġe gaċ áon ṁailleóċus tú, agus go ma beannuiġe an té ḃeinneóċus tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 27:29
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus beannóċuiḋ mé an ṁéid ḃeannoċus ṫú, agus mailleoċuiḋ mé an té ṁailleoċas ṫú: is ionnadsa ḃeannóċar treaḃa an doṁuin uile.


Agus a duḃairt Iácob, Mionnuiġ ḋaṁsa san ló a niuġ, agus tug sé a ṁionna ḋó: agus do reac a ċeart-beirṫe ré Iacob.


Agus tárla, mar as lúaiṫe do ċuír Isaac crioċ ar ḃeannuġaḋ Iacob, agus naċ mór go rainig Iácob fós as fiaḋnuisi Isaac a aṫar, an tan ṫáinig Esau a ḋearḃraṫair on ḟíaḋaċ.


Agus do ḟreagair Isaac agus a duḃairt re Hesau, Féuċ, do rinne me eision na ṫiġearna ort, agus tug mé a ḋearḃraiṫre uile na serḃíseaċuiḃ ḋó; agus lé harḃar, agus le fíon do ċonnuiṁ mé súas é: agus créad do ḋéun riotsa a nois, a ṁic?


Agus led ċloiḋeaṁ ḃiais tú ad ḃeaṫaiḋ, agus biáiḋ tú ag seirḃis dot ḋearḃraṫair; agus tiucfuiḋ a ccríċ a nuair do geaḃa tú úaċdaranaċd, go mbrisfiḋ tú a ċuingsion dot ṁuinéul.


Agus do innis seision dá aṫair, agus dá ḋearḃráiṫriḃ: agus do imḋearguiḋ a aṫair é, agus a duḃairt ris, Créd é a naislingse do ċonnairc tusa? an deiṁin go tiucfa misi, agus do ṁaṫair agus do ḋearḃráiṫre dar ccláonaḋ féin síos duitsi go talaṁ?


Oir feaċuiḋ, do ḃamar ag ceangal punnann ar an maċaire; agus féaċuiḋ, do éiriġ mo ṗunnannsa agus do ṡeas súas go díreaċ; agus féuċuiḋ, do ḃadur ḃur bpunnanasa na seasaṁ na timċioll, agus do rinneadar uṁla dom ṗunnainnsi.


Do ḋénna Día Iaṗet go faireang, agus áiteoċaiḋ sé a bpuibliḃ Ṡem; agus biaiḋ Canáan na ṡeirḃíseaċ aige.


Ni raiḃ ansin ríġ ar biṫ ann Edom: fear ionaid ríġ do ḃí na ríġ.


Agus do ríaġluiḋ Solaṁ ós cionn a nuile rioġaċd ó naḃuinn go críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte: do ḃeirdís tioḋluicṫe leó, agus do rinneadar seirḃís do Ṡolaṁ ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.


Oír do ḃúaḋuiġ Iúdah ós cionn a ḋearḃráiṫreaċ, agus úaḋ ṫangadar na príoṁúaċdaráin; aċt buḋ le Ioseṗ an ceirtbearṫa.)


Agus biáiḋ tiġearnus aige ó ḟairge go fairge, agus ón tsruṫ go téorannuiḃ na talṁan.


Marso a deir an TIĠEARNA, Sáoṫar na Hégipte, agus ceannuiġeaċd na Hetíopia agus na Sabeánaċ, tiucfuid daoine árraċda, láiṁ riot, agus buḋ leatsa íad: tiucfaid síad ad ḋiáiġ; a slaḃraḋuiḃ ṫiucfaid síad ṫairis, agus uiṁleoċuiḋ síad duitse, do ḋéanuid iarruiḋ ċugadsa, ġa ráḋ, Go deiṁin atá Día ionnad; agus ní ḃfuil áon óile, ní ḃfuil Día oile ann.


Agus buḋ ríġṫe ḃías na naiṫreaċuiḃ oileaṁna agad, agus bainríoġna na mbanaltrannuiḃ: cromfuid síos duit go na naiġṫiḃ ċum na talṁan, agus liġfid súas luáiṫreaḋ do ċos; agus aiṫeonuiḋ tú gur misi an TIĠEARNA: óir ní ḃiáiḋ náire ar an luċd ḟeiṫios orumsa.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Fuáscaltóir Israel, agus a Aón Náoṁṫa, ris an té air a mbí tarcuisne ag duine, ris an té air a mbí gráin ag cinéaḋaċaiḃ, re seirḃíseaċ úaċdarán, do ċífid ríġṫe agus éireoċuid, aḋoruiḋ prionnsaḋa mar an ccéadna, do ḃríġ an TIĠEARNA atá díleas, agus Aon Náoṁṫa Israel, noċ do ṫoġ ṫusa.


Oír an cineaḋ nó an rioġaċt naċ ḃfoiġeonuiḋ ḋuit sgriosfuiġear é; fáiseaċṫar fós; na cineadaċa sin uile.


Tiucfuiḋ fós mic na ndaoine do ġortuiġ ṫú do ċláonaḋ ḋuit; agus a nuile ḋuine do ṫarcuisniġ ṫú cromfuiḋ síad síos ag bonnuiḃ do ċos; agus goirfid Caṫair an TIĠEARNA ḋíot, Sion Aóin Náoṁṫa Israel.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


Cionnus ṁailleoċus misi; an té nar ṁalluiġ Día? agus cionnus do ḃéur mo ṡlán fán té naċ ttug an TIĠEARNA a ṡlán fáoi?


Agus sealḃoċṫar Edom, agus biáiḋ Seir fós na ṡeilḃ agá naiṁdiḃ; agus do ḋéana Israel go cróḋa.


Do ċrap sé, do luiḋ sé síos mar leoṁan, agus mar leoṁan mór: cía ċorróċus súas e? Is beannuiġe an té ḃeannoċus ṫusa, agus is malluiġe an té ṁailleoċus ṫú.


Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.


Ann sin do ḃéara seisean freagra orrṫa, ag ráḋ, A deirim riḃ go firinneaċ, An ṁéid naċ dearnaḃair é déinneaċ do ṁuinntir roiḃigsi, naċ ndearnaḃair ḋaṁsa é.


A duḃraḋ ría, Go ndéanaḋ an té is seine seirḃís don té ís óige.


Agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige air a éudaċ agus air a ṡlíasaid, RI NA RIĠṪEAḊ, AGUS TIĠEARNA NA DTIĠEARNAḊ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ