Agus a duḃairt sé, Taḃair láiṁ rium é, agus iosuiḋ mé dfíaḋaċ mo ṁic, go mbeannuiġe manam ṫú. Agus tug na ċoṁġar é, agus a dúaiġ: agus tug fíon ċuige agus do iḃ sé.
A duḃairt seision ris, Is fáiġ misi mar an gcéadna mar ṫusa; agus do laḃair aingeal re breiṫir an TIĠEARNA riom, ġa ráḋ, Taḃair leaċd ar a ais é dot ṫiġ, go niṫe sé arán agus go niḃe sé uisge. Aċd is bréug do rinne sé ris,
Agus do áṫruiġ sé a ḃéasa ḋá laṫairsion, agus do léig air féin ḃeiṫ ar buíle ann a láṁuiḃ, agus do scríobaḋ ar ḋoirsiḃ an geata, agus do léigeaḋ a ṡeile tuitim a nuas ar a ḟéasoig.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Haċimeleċ an sagart, Do aiṫin an ríġ gnoṫuiġ ḋíom, agus a duḃairt sé riom, Ná bíoḋ fios éainniṫe don naḋḃar fá ḃfuilim dot ċur, agus aiṫniġim ḋíot na bióḋ a ḟios ag éanduine: agus do ċuir mé mo ṡearḃḟoġantuiġe don náitse, agus don náit úd óile.
Agus a duḃairt Aċis, Cáit a ndéarna tú do ṫurus a niuġ? Agus a duḃairt Dáiḃi, A naġaiḋ an taóiḃ ó ḋeas do Iúdah, agus a naġaiḋ an taóiḃ ó ḋeas do na Ierahmeelíteaċaiḃ, agus a naġaiḋ an taóiḃ ó ḋeas do na Ceníteaċaiḃ.