22 Agus do ḋruid Iácob láiṁ ré na aṫair Isaac; agus do spín seision é, agus a duḃairt, A sé do ġuṫ guṫ Iacob, aċ na láṁa asíad láṁa Esau íad.
Do bféidir go moiṫéoċaḋ máṫair mé, agus go measfuḋ mé mar ṁealltóir; agus go ttiuḃrainn mallaċd oram féin, a nait na beannaċda.
Agus a duḃairt Isaac ré Iacob, Guiḋim ṫú tarr láiṁ riom, go nglacuinn ṫú a ṁic, an tú ḋáríriḃ mo ṁac Esau, nó naċ tú.
Agus níor aiṫin é, mar do ḃádur a láṁa cluṁaċ, mar láṁuiḃ a ḋearḃraṫair Esau: agus mar sin do ḃeannuiġe é.
A nuáir do ḃádar láiṁ ré tiġ Ṁícah, daiṫniġeadair guṫ an nóganuiġ an Leḃítiġ: agus dfilleadar a steaċ ann sin, agus duḃradar ris, Cía ṫug ṫusa annso? agus cred do ní tú annsa naitsi? agus cread atá agad annso?