20 Agus a duḃairt Isaac ré na ṁac, Cionnus fuair tú coṁluaṫ agus sin é, a ṁic? agus a duḃairt seision, Do ċionn go ttug an ṪIĠEARNA do Ḋíase ḋaṁ é.
Agus a duḃairt sé, A ṪIĠEARNA a Ḋé mo ṁaiġistir Abraham, íarrum ort, raṫaiḋ ḋaṁ san ló so, agus taisbein cinealtus dom ṁaiġistir Abraham.
Agus a duḃairt Isaac ré Iacob, Guiḋim ṫú tarr láiṁ riom, go nglacuinn ṫú a ṁic, an tú ḋáríriḃ mo ṁac Esau, nó naċ tú.
An laiḃeorṫaói go cláon ar son Dé? agus a ndéantáoi caint go mealltaċ ar a ṡon?
Ná taḃair ainm an TIĠEARNA Día go díoṁaóin; oir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁáoin.