8 Agus tárla, a nuáir do ḃi annsin tamall fada, gur ḟéuċ Abimeleċ ríġ na Ḃṗílistineaċ amaċ as fuinneóig, agus go ḃfacuiḋ, agus, féuċ, do ḃí Isaac ag súgraḋ ré na ṁnáoi Rebecah.
Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre.
Agus do ġoir Abimeleċ Isaac, agus a duḃairt, Féuċ go deiṁin a sí do ḃean í: agus cionnus a deir tusa, A sí mo ḋearḃṡíur í? agus a duḃairt Isaac ris, Do ċíonn go nduḃairt mé, Deagla go néugfuinn da cionn.
Taḃair do ḃeáṫa go gáirdeaċ a ḃfoċair do mná air a mbí gráḋ agad air feaḋ uile láeṫe ṡáoġail do ḋíoṁaóinis, noċ ṫug sé ḋuit faói an ngréin, uile láeṫe do ḋíoṁaóinis: óir isí sin do ċuid annsa tṡáoġalso, agus ann do ṡáoṫar do ġeiḃ tú faói an ngréin,
Is cosṁuil mo ġraḋ ré poc, no re cáirrḟiaḋ óg: féuċ, seasuiġ sé táoḃ ṡiar dar mballaine, féuċuiḋ sé amaċ air ḟuinneóig, ḋá ṫáisbeanaḋ féin ṫrid an laitis.
Oir aṁuil ṗósas ógánaċ maiġdion, is marsin ṗósuid do ṁic ṫusa: agus mar ġáirdiġeas an fear núaḋṗosta ós a ṁnaói núadṗósta, marsin ġáirdiġeas do Ḋía ós do ċionnsa.