Mar sin do imṫiġ Abram, mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: agus do ċuáiḋ Lot leis: agus do ḃí Abram seaċdṁoġad agus cúig ḃlíaġna dáois a nuáir do imṫiġ se as Háran.
Agus do ġlac Abraham a ṁac Ismael, agus gaċ a rugaḋ ann a ṫiġ, agus gaċ ar ceannċaḋ ar a ċuid airgid, gaċ uile ḟirionnaċ a measg ḋáoine ṫiġe Abraham; agus do ṫimċillġearr feóil a réuṁċroicinn annsa ló sin féin, mar a duḃairt Día ris.
Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
Ar a naḋḃarsin gioḋ bé neaċ ḃrisfeas áonaiṫne do na haiṫeantaiḃ roḃeagaso, agus ṫeagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfiḋṫear ḋe an duine is lúġa a rioġaċd neiṁe: aċd gioḋ bé neaċ ḋéanas agus ṫeagaisfeas iád, goirfiḋ ṫear duine mór ḋe a rioġaċd neiṁe.
Uime sin, a ḋearbraiṫre gráḋaċa, bíġiḋ coṁnuiġeaċ, neaṁċorraċ, ag méuduġaḋ do ṡíor a nobair an Tiġearna, ar mbeiṫ a ḟios aguiḃ naċ dioṁáoin ḃur sáoṫar sa Dtiġearna.
As tré ċreideaṁ, dúṁlaiġ Abraham, ar na ġairm ag imṫeaċd go hionad noċ do ġeubaḋ sé na ḋiáiġ sin doiġreaċd; agus do ṫríall sé roiṁe, gan a ḟios aige cá háit ann a raiḃ sé ag dul.