4 Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:
Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.
Agus do ḃí Israel na ċoṁnuiġe a gcríċ na Hégipte, a ḃfearann Gosen; agus do ḃádur ṡealḃa dúṫaiġ aca ann sin, agus do ḟásadur, agus do lionadur go hiomadaṁuil.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Máseaḋ is Dáḃraham agus dá ṡíol tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abair sé, Agus do na síoltuiḃ, mar do ḃíaḋ sé ag laḃairt ar ṁórán; aċd mar do laiḃeóraḋ sé ar áon ag ráḋ, Agus dod ṡiolsa, agar ab é Críosd é.
Oír ar na ḟaicsin roiṁe don sgriobtúir, go sáorfaḋ Día na cineaḋaċa tré ċreideaṁ, do ṡoisgéil sé roiṁe láiṁ Dábraham, ag ráḋ, Biáiḋ na huile ċineaḋaċa ar na mbeannuġaḋ ionnadsa.
Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;
Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.