Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 26:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus do ḃí Esau ḋá ḟíċid bliáḋan dáois a nuáir ṫug do ṁnáoi Iúdit inġean Ḃeeri an Hititeaċ, agus Baṡémat inġean Hélon an Hititeaċ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 26:34
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃéur ort a ṁionnuġaḋ treas an TTIĠEARNA, Día niṁe, agus Día na talṁan, naċ dtiuḃra tú bean dom ṁac dinġeanuiḃ na Ccanaaniteaċ, a measc a náitreaḃuim:


Agus a duḃairt Rebecah ré Hisaac, atáim currṫa dom ṡáoġal do ċionn inġeana Hét: má ṗósan Jacob bean as inġeanuiḃ Hét, mar íad so, atá as inġeanuiḃ na tíre, créad an ṁaiṫ ḋéunas mo ḃeaṫa ḋaṁsa?


Agus mar do ċonnairc Esau nár ṫaitin inġeana Ċánaain ré na aṫair Isaac;


Ann sin do ċuaiḋ Esau ċum Ismael, agus tug a ccionn na mban do ḃí aige, Mahálah inġean Ismáel, ṁic Abraham, derḃṡíur Nebaiot, dá beiṫ na mnaói aige.


Agus dob íad so mic Reuel; Nahat, agus Sérah, Sámaċ, agus Misah: dob iád so mic Ḃasémat bean Esau.


Tug Esau a ṁná dinġeanuiḃ Ċánaain; Adah inġean Elon an Hititeaċ, agus Aholibamah inġean Anah, inġean Sibeon an Hiḃiteaċ,


Agus rug Aholibamah Ieus, agus Iaalam, agus Córah: síad so mic Esau noċ rugaḋ ḋó a ttír Ċánaain.


Agus go nglacfá a ninġiona dot ṁacaiḃ, agus go raċadáois a nínġeana do striapaċus a ndiáiġ na ndée sin, agus go ttiuḃraidís ar do ṁacaiḃsi dul do striapaċus a ndiáiġ a ndeé.


Giḋeaḋ, do ṡeaċna sdríopaċais, bíoḋ a ḃean féin ag gaċ áoinneaċ, agus a fear féin ag gaċ éunṁnáoi.


Deagla go mbíaḋ éinneaċ na sdríopuiġ, ná neiṁḋíaġa, mar Esau, noċ do reac a ċeart óiġreaċda ar son éinċinn aṁáin bíḋ.


Ann sin do ḟreagair Dáiḃi agus a duḃairt sé re Haċimeleċ an Hitíteaċ, agus re Habisai ṁac Seruíah, dearḃraṫair Ióab, ḋá ráḋ, Cía raċus liom síos don ċampa go Saul? agus a duḃairt Abisai, Raċa misi leaċd síos.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ