Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 26:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Coṁnuiḋ sa tírsi, agus biáiḋ misi maille riot, agus beinneoċaiḋ mé ṫú; óir duitsi, agus dot ṡíol, do ḃeura me na tíorṫaso uile, agus coṁlionfuiḋ mé an mionna noċ tug mé Dábraham dot aṫair;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 26:3
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.


Oír an fearann uile do ċí tú, do ḃeur misi ḋuit é, agus dot ṡíol go bráṫ.


Eíriġ, siuḃail ar feaḋ an ḟearuinn ann a ḟad agus ann a leiṫead; óir do ḃéura misi ḋuit é.


Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:


Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.


Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca.


Agus do ġluáis Abraham as sin don tir bu ḋeas, agus do áitreaḃ eidir Cades agus Súr, agus do rinne coṁnuiḋe ann, Gerar.


Agus tárla déis ḃáis Abraham gur ḃeannuiġ Día a ṁac Isaac, agus do ḃí Isaac na ċoṁnuiġe láiṁ ré tobar Lahai-roi.


Annsin do ṡíolċuir Isaac ann sa dúṫaiḋ sin, agus fuair san ḃlíaḋain ċéadna céad oiread: agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA é:


Oir do ḃi aige sealḃ ṫréad, agus sealḃ áoḋaireaḋ, agus stór mór seirḃíseaċ: agus do iomṫnuiḋeadar na Ṗilistíniġ é.


Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.


Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.


Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iácob, Fill go dúṫuiġ haiṫreaḋ, agus go nuige do ċineaḋ; agus biáiḋ misi maille riot.


Agus an dúṫaiḋ tug misi do Abraham, agus do Isaac, do ḃéura mé ḋuitsi í, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ do ḃéura mé an dúṫaiġ sin.


Agus do ḃí an TIĠEARNA maille re Ioseṗ, agus do ḃí na ḋuine sona; agus do ḃí sé a ttiġ a ṁaiġistir an Tégipteaċ.


Aċ do ḃí an TIĠEARNA re Ioseṗ, agus do ṫaisbéin grasa ḋó, agus tug faḃar ḋó a laṫair ḟircoiṁéud an ṗríusúin.


¶ Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Féuċ, atáimsi ag faġáil ḃáis; aċ biaiḋ Día maille ríḃsi, agus do ḃéura sé a rís siḃ go dúṫuiġ ḃur naiṫreaċ.


¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.


Eaḋon air an ccunnraḋ do rinne sé re Hábraham, agus air a ṁionnuiḃ do Isaac;


Cuiṁniġiḋ sé go síorruiḋe, a ċunnraḋ an ḃríaṫar noċ do aiṫin sé go feaḋ míle ginealaċ.


Noċ do ċeangail sé le Abraham, agus a ṁionna do Isaac;


Teagosfa mé ṫú, agus múinfead ṫú san tsliġe iona ngéuḃair: do ḃéar coṁairle ḋuit ré mo ṡúil do beiṫ ort.


Cluin múrnuiġ, a ṪIĠEARNA, agus taḃair éisteaċd dom ċoṁairc; ná bí boġar rem ġul: óir is coigcríġe mé agadsa, am ċoiṁiġṫeaċ, mar maiṫreaċa uile.


Agus do ċúaluiḋ Día a nusnaḋa, agus do ċuiṁniġ Día a ċunnraḋ re Habráham, re Hísaac, agus ré Iácob.


Agus a duḃairt sesion, Go deiṁin biáiḋ misi leaċd; agus biáiḋ so mar ċoṁarṫa agad, gur ċuir misi ann tú: A nuáir do ḃéura tú an pobal amaċ as a Négipt, do ḋéantaoi serḃís do Ḋía ar a tsliaḃsa:


Agus do ḋaingniḋ mé mo ċunnraḋ ríu, tír Ċánaain do ṫaḃairt dóiḃ, fearann a noiṫliṫre, ann a raḃadar na gcoiṁiġṫiḃ.


Agus glacfa mé ċugam siḃsi mar ṗobal, agus biáiḋ misi mar Ḋía aguiḃsi: agus áiṫeóntaoi gur mé an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ḃéurus amaċ siḃ ó ḃeiṫ fá úaluiġiḃ na Négipteaċ.


Agus béura mé asteaċ siḃ san tír, lé ttug mé mionna go ttiuḃruinn í do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; agus do ḃéur ḋaóiḃsi í mar oiġreaċd: is misi an TIĠEARNA.


A nuáir ġaḃus tú ṫríd na huisgeaḋuiḃ, biáiḋ misi ad ḟoċair; agus ṫríd na haiḃniḃ, ní ḟoileoċuid síad ṫú: a nuáir ṡíuḃolas tú ṫríd an tteine, ní loisgfiġear ṫú; ní mó ḋeargfas an lasair ort.


Ná bíoḋ eagla ort: óir atáimsi maille riot: do ḃéara mé do ṡíol ó noirṫear, agus cruinneoċa mé ó níarṫar ṫú;


Coiṁeoluiḋ tú a nfírinne do Iácob, agus an trócaire do Abraham, noċ do ṁionnuiġ tú dar naiṫriḃ ó na laéṫiḃ a nallód.


Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?


Feaċuiḋ, do ċuir mé an taluṁ as ḃar gcoinne: éirġiḋ a steaċ agus sealḃuíġiḋ an fearann do ḋearḃ an TIĠEARNA dá ḃur naiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob, do ṫaḃairt doiḃ agus dá slioċd na ndiáiġ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Sí so an dúiṫċe do ṁionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ġá raḋ, Do ḃéara mé so dot ṡlioċd: ṫug mé ortsa a faicsin red ṡúiliḃ, aċ ní raċa tú inte anonn.


Ná neiṫe fós, do ḟóġluim siḃ agus do ġlacaḃair, agus do ċúalaḃair, agus do ċonncaḃair ionnamsa, deunuiḋ íad: agus biáiḋ Día na síoṫċána maille riḃ.


As tré ċreideaṁ do ċóṁnuiġ sé a dtír na geallaṁna, aṁuil a dtir ċoiṁiġṫe, ar ndéunaṁ coṁnuiġe ḋó a mboṫuíḃ maille ré Hísaac agus ré Iácob, coṁóiġreaḋa na geallaṁna céudna:


As mar an gcéudna ar mbeiṫ do Ḋía fonnṁar ar a ċoṁairle neaṁċorruiḋ dfoilliuġaḋ go ro ḟoirrleaṫan doiġriḃ na geallaṁna, do ḋearḃuiḋ sé é ré mionnuiḃ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ