20 Agus do imreasadur áoḋairiḋe Gérar ré háoḋairiḃ Isaac, ag ráḋ, As linne an tuisge: agus do ġoir sé dainm don tobar Esec; do ċionn go ndearnsad imreasan ris.
Agus do ḃí imreasan eidir áoḋairiḃ áirnéisi Abram, agus áoḋairiḃ áirnéisi Lot: agus do áitreaḃadar na Canáanitiġ, agus na Perisitiġ an tan sin ann sa duṫaiġ.
A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.