Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.
Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Ann sin cuiṁneoċa misi mo ċunnraḋ ré Iácob, agus mar an gcéadna mo ċunraḋ ré Hisaac, agus cuiṁneoċá mé mar an ccéadna mo ċunraḋ ré Habraham; agus cuiṁneoċa mé an dúṫaiġ.