Agus do ḃi Ṗárao go maiṫ ré Abram air a son: agus do ḃádar cáoiriġ aige, agus daiṁ agus ásail, agus seirḃisiġ ḟear agus seirḃisiġ ban, agus banassail, agus cáṁúill.
Agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA mo ṁaiġistir go mór; agus do ḟás sé mór; agus tug sé ḋó tréuda, agus airġeaḋa, agus ór agus airgead, agus seirḃísiġ fear, agus seirḃísiġ ban, agus cáṁuill agus asail.
Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.
Marsin do ḃeannuiġ an TIĠEARNA críoċ ḋeiriḋ Iób ní is mó ná a ṫosaċ: óir do ḃí ceiṫre ṁíle ḋéug cáora aige, agus sé ṁile cáṁall, agus mile cuing ḋaṁ, agus míle assal bainionn.
¶ Do ṁeas mé a rís, gaċ uile ṡáoṫar, agus gaċ uile obair ċeart, gurab air a ṡonso ṫnúṫuiġios duine re na ċoṁarsain. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.