13 Agus do ḟás an tóglaċ go mór, agus do ċuaiḋ ar aġuiḋ, agus do ḟas nó go raiḃ roṁór:
Agus do ḃí Abram ro ṡaiḋḃir a náirnéis, a nairgead, agus a nór.
Agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA mo ṁaiġistir go mór; agus do ḟás sé mór; agus tug sé ḋó tréuda, agus airġeaḋa, agus ór agus airgead, agus seirḃísiġ fear, agus seirḃísiġ ban, agus cáṁuill agus asail.
Agus do ḟas an tóglaċ ro ṡaiḋḃir, agus do ḃí iomad áirnéisi aige, agus seirḃíseaċ fear, agus seirḃíseaċ ban, agus cáṁuill, agus asail.
Atá saiḋḃrios agus maóin iona ṫiġ: agus seasfuiḋ a ḟíréantaċd go bráṫ.
Do ní beannuġaḋ an TIĠEARNA, saiḋḃir, agus ní ċuirionn doilġios ar biṫ iona ċoiṁideaċt.