Agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA mo ṁaiġistir go mór; agus do ḟás sé mór; agus tug sé ḋó tréuda, agus airġeaḋa, agus ór agus airgead, agus seirḃísiġ fear, agus seirḃísiġ ban, agus cáṁuill agus asail.
Naċ déuna tú doċur ḋuinne, marnar beanamairne riotsa, agus mar naċ deanmar enní ort aċ maiṫ, agus gur ċuireamar uáinn ṫu go síoṫċanta: anois as tusa neaċ beannaiġe an TIĠEARNA.
Coṁnuiḋ sa tírsi, agus biáiḋ misi maille riot, agus beinneoċaiḋ mé ṫú; óir duitsi, agus dot ṡíol, do ḃeura me na tíorṫaso uile, agus coṁlionfuiḋ mé an mionna noċ tug mé Dábraham dot aṫair;
Oir as beag do ḃí agad suil ṫáinig misi ċugad, agus a nois tangadur ċum ḃeiṫ iomadaṁail; agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA ṫú ó ṫáinig misi ċugad: agus a nois cá huáir ḋéunas mé solaṫar do mo ṫiġ féin mar an gcéadna?
Marsin do ḃeannuiġ an TIĠEARNA críoċ ḋeiriḋ Iób ní is mó ná a ṫosaċ: óir do ḃí ceiṫre ṁíle ḋéug cáora aige, agus sé ṁile cáṁall, agus mile cuing ḋaṁ, agus míle assal bainionn.
Biáiḋ dornán arḃa annsa talaṁ air ṁullaċ na slíaḃ; biáiḋ a ṫoraḋ sin ar críṫ cosṁuil ré Lebanon, agus do ḋéanuid caiṫriuġaḋ amaċ as an ccaṫruiġ mar luiḃ na talṁan.
Oír biáiḋ an síol soná; do ḃéara an ḟíneaṁuin a toraḋ, agus do ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus do ḃearuid na neaṁa a ndrúċt; agus do ḃéara mé air íarsma an ṗobailsi íadso uile do ṡealḃuġaḋ.
Agus an té úd ann ar cuireaḋ an síol a ḃfearann maiṫ a sé so an té do ċluin, agus ṫuigeas an ḃríaṫar; agus iomċras toraḋ, agus do ḃeir, cuid céud uiread, cuid trí fiċid, agus cuid eile a deiċ fiċead.
Agus do ṫuit cuid eile ḋe a dtalaṁ ṁaiṫ, agus tug sé toraḋ úaḋ déiriġ súas agus dfás; agus tug ḋe, cuid a deiċ fiċead, agus cuid trí fiċid, agus cuid eile céud: