Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 24:53 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

53 Agus ṫug an tóglaċ amaċ séoid airgid, agus séoid óir, agus éuduiġe, agus tug iad do Rebecah: agus tug mar an ccéadna dá dearḃraṫair agus da maṫair neiṫe morluáiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 24:53
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac an searḃfoġantuiġ deiċ ccáṁuill do ccáṁuilliḃ a ṁaiġistir, agus do imṫiġ; óir do ḃí máoin a ṁaiġisdir uile fá na laṁuiḃ: agus do éiriġ sé, agus do ċuáiḋ go Mesopotámia go caṫair Nahor.


Agus tárla, a ndiaiġ na ccaṁull ól a sáiṫ, go rug an tóglaċ ar ċlúasḟáinne óir, leiṫ-ṡecel do ċoṁṫrum, agus ḋá ḃráisléd da láṁuiḃ do ċoṁṫrum ḋeiċ secel óir;


Agus ṫug a naṫair tioḋlaice móra ḋóiḃ dairgead, agus dór, agus do neiṫíḃ mórlúaiġ, maille re caiṫreaċaiḃ daingne ann Iudah: aċt ṫug sé an rioġaċt do Iehoram, do ḃriġ gur ḃé an ċéidġin é.


Agus an ṁéid do ḃí gaċ táoḃ ḋíoḃ ṫugadar cungnaṁ ḋóiḃ do ṡoiṫiġiḃ dairgiod, agus dór, agus do ṁaoin, agus dáirnéis, agus do neiṫiḃ mórlúaiġ, táoḃ amuiġ do nuile ní dar tioḋlaiceaḋ go toileaṁuil.


Láḃair a nois a néisdeaċd an ṗobail, agus faġaḋ gaċ éanduine áirleagaḋ ó na ċoṁarsuin, agus gaċ áonḃean ó na coṁarsuin seóid airgid, agus seóid óir.


Agus do rinneadar clann Israel do réir ḃréiṫre Ṁaóise; agus do airliceadar óna Hégiptiḃ seóid airgid agus seóid óir, agus éaduiġe:


Aċ béuruiḋ gaċ éinḃean áirleagaḋ ó na coṁarsain, agus ón ṁnaói ḃías ar cuáirt na tiġ, seóid airgid, agus seóid óir, agus éaduiġe; agus cuirfíḋe íad ar ḃur macuiḃ, agus ar ḃur ninġeanuiḃ, agus creaċfuiġe na Hégiptiġ.


Is breáġḋa do ġruáiḋe lé peirsiḃ séud, do ṁuinéal lé slaḃraḋuiḃ óir.


Is uḃallġort pomgranat do ṗlannduiġe, le tórṫuiḃ millse; cípres, maille re spiocnard.


Agus do ḃí Heseciah lúaṫġáireaċ rompa, agus do ṫaisbéin sé ḋóiḃ tiġ a ṡéud mórluáiġ, an tairgiod, agus an tór, agus na spíosra, agus a nola ṁórluáiġ, agus tiġ a arm uile, agus a nuile ní dá raiḃ iona ionnṁusaiḃ: ní raiḃ aoinní ann a ṫiġ, nó ann a ṫiġearnus uile, naċ ar ṫaisbéin Heseciah ḋóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ