Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 24:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ḃéur ort a ṁionnuġaḋ treas an TTIĠEARNA, Día niṁe, agus Día na talṁan, naċ dtiuḃra tú bean dom ṁac dinġeanuiḃ na Ccanaaniteaċ, a measc a náitreaḃuim:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 24:3
49 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeannuiġ sé é, agus a duḃairt, Bioḋ Abram beánnuiġe on Día as ro áirde, sealḃuiġe neiṁe agus talṁan:


Agus a duḃairt Abram ré riġ Ṡodom, Do ṫóg mé súas mo láṁ ċum an TIĠEARNA, an Día as ro áirde séalḃuiġe neiṁe agus talṁan.


Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋamsa Día do ṁionnuiḃ naċ déuna tú bréag riom, ná ré mo ṁac, no ré mac mo ṁic: aċ do réir an ċinéil do rinne misi ort, go ndéuna tusa ḋaṁsa, agus don duṫaiḋ ann ar ḟan tú.


An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.


Agus a duḃairt Rebecah ré Hisaac, atáim currṫa dom ṡáoġal do ċionn inġeana Hét: má ṗósan Jacob bean as inġeanuiḃ Hét, mar íad so, atá as inġeanuiḃ na tíre, créad an ṁaiṫ ḋéunas mo ḃeaṫa ḋaṁsa?


Agus do ġoir Isaac, Iácob, agus do ḃeannuiġ é, agus do aiṫin de, agus a duḃairt ris; ní ṫiuḃra tú bean dinġeanuiḃ Ċánaain.


Agus mar do ċonnairc Esau nár ṫaitin inġeana Ċánaain ré na aṫair Isaac;


Agus déanuiḋsi cleaṁnuis rinne, agus tugaiḋ ḃur ninġeana ḋúinn, agus glacuiḋ ar ninġeana ċuguiḃ.


Agus do ċonnairc Iúdah annsin inġean Ċanaanitiġ áiriġe, dar ḃainm Suah, agus do gaḃ sé ċuige í, agus do ċioṁríaċduin sé ría.


Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ. Agus tug sé a ṁionna ḋó. Agus do ċláon Israel é féin ar ċeannaḋairt na leapṫa.


Agus tug Ióseṗ mionna ar ċloinn Israel, ag ráḋ, Féaċfuiḋ Día oriḃ go deiṁin, agus beurṫaói mo ċnáṁasa súas as so.


Go ḃfacadar mic Dé inġeana na ndáoine go raḃadar sgíaṁaċ; agus tugadar mná ċuca do nuile ḋroing do ṫógradar.


Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.


Agus do ġuiḋ Heseciah a laṫair an TIĠEARNA, agus a duḃairt, O a ṪIĠEARNA Día Israel, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċerubíniḃ, is tusa aṁáin Día, rioġaċd an doṁuin uile; is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.


A duḃairt Húram fós, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ do rinne neaṁ agus talaṁ, noċ ṫug mac glic do Ḋáiḃi ríġ, lán do ċríonnaċd agus do ṫuigsin, noċ do ċuirfeaḋ tiġ súas don TIĠEARNA, agus tiġ ḋá rioġaċd.


Agus is marso do ḟreagradar sinn, ġa raḋ, Is sinne serḃísiġ Dé niṁe agus talṁan, agus atámuid ag cur súas an tiġe do rinneaḋ mórán bliaḋan ó ṡin, noċ do rinne ríġ mór Disrael agus do ċúir súas é.


Agus do ġaḃ fearg misi ríu, agus do ṁalluiḋ mé íad, agus do ḃuáil mé cuid aca, agus do ṫarruing mé a ngrúaga, agus ṫug mé orra Día do ṫaḃairt mar ṁionnuiḃ, ġá ráḋ, Ní ṫiuḃarṫaói ḃur ninġeana dá macaiḃ, agus ní ġéuḃṫaói a ninġeana dá ḃur macaiḃ, nó ḋaóiḃ féin.


Tusa, eaḋon tusa aṁáin, as TIĠEARNA ann; is tú do rinne neaṁ, flaiṫeas na ḃflaiṫeas, maille re na slúaġ uile, an taluṁ, agus na huile neiṫe dá ḃfuil ann, na fairgeaġḋa agus a nuile ní dá ḃfuil ionta, agus cuṁduiġiḋ tusa íad uile, agus aḋruiḋ sluaġ niṁe ṫu.


Is beannuiġ siḃ ón TTIĠEARNA noċ do rinne neaṁ agus talaṁ.


Moluiḋ Día niṁe: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.


Ná taḃair ainm an TIĠEARNA Día go díoṁaóin; oir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁáoin.


Ann sin biáiḋ mionna an TIĠEARNA éatorra aráon, naċ ar ċuir seision a láṁ a máoin a ċoṁarsan; agus géuhhuiḋ an seal ḃuiġe sin úaḋ, agus ní ḋéana seision go maiṫ é.


Agus ann gaċ uile ní dá nduḃairt mé riot bí go fuireaċair: agus ná tárr ṫair anmanuíḃ dée ar biṫ eile, narob mó ċluinfiġear as do bbéul é.


Agus go nglacfá a ninġiona dot ṁacaiḃ, agus go raċadáois a nínġeana do striapaċus a ndiáiġ na ndée sin, agus go ttiuḃraidís ar do ṁacaiḃsi dul do striapaċus a ndiáiġ a ndeé.


Do ṁionnuiġ mé ṫríom féin, do ċuáiḋ an fócal amaċ as mo ḃéul a ḃfírinne, agus ní ḟillfe sé, Go nuiṁleoċuiḋ gaċ uile ġlún daṁsa, mionnoċa gaċ uile ṫeanga.


Cluiniḋ so, a ṫiġ Iácob, noċ ġoirṫear a nainm Israel, agus ṫáinic amaċ as uisgeaḋuiḃ Iúdah, noċ ṁionnuiġios a nainm an TIĠEARNA, agus ṫig tar Día Israel, aċd ní a bfírinne nó a ḃfíreantaċd.


Iondus an té ḃeannuiġeas é féin annsa talaṁ, beinneoċuiḋ sé é féin an Ndía na firinne, agus an té ṁionnoċus air an talaṁ mionnoċa sé fa Ḋía na fírinne; do ḃríġ gur dearmaduiġeaḋ na céad ḃuaiḋearṫa, agus do ḃríġ gur ḟoluiġeaḋ iad as mo raḋarcsa.


Is marso a déara siḃ ríu, Na dée naċ déarna na neaṁa nó an talaṁ, sgriosfuiġear íad ón ttalaṁ, agus ó faói na neaṁuiḃsi.


Agus tiucfa á geríċ, má ḟóġlomuid síad go dúṫraċtaċ sliġe mo ṗobail, do ṁionnuġaḋ fám ainmsi, Mairiḋ an TIĠEARNA; mar do ṁúineadarsan dom ḋaóiniḃsi mionnuġaḋ fa Ḃáal, annsin suiḋeoċṫar íad a lár mo ṗobail.


Tugaiḋ mná, agus geiniḋ mic agus inġeana; agus tugaiḋ mná da ḃur macaiḃ, agus tugaiḋ ḃur ninġeana dfearuiḃ, ċor go mbeirid mic agus inġeana; ċor go síolfuiḋe annsin, agus naċ laiġdeoċṫaói.


Agus mionnoċa tú, Mairiḋ an TIĠEARNA, a ḃfírinne, a mbreiṫeaṁnus, agus a ḃfíreantaċd; agus beinneoċuid na geinte íad féin annsan, agus is ann ḃías a nglóir.


¶ Agus ní ṫiuḃarṫáoi mainmse a mbréig, ní mó ṫruáilleoċus tú ainm do Ḋé: misi an TIĠEARNA.


Agus an drong aḋras slúaġ neiṁe air ṁulluiġiḃ na ttiġṫeaḋ; agus an drong aḋras agus ṁionnuiġios fán TTIĠEARNA, agus ṁionnuiġios fa Ṁalċam;


Ann sin cuirfiḋ an sagart do ċúram air an mnáoi maille re mionnuiḃ an ṁalluiġe, agus déara an sagart ris an mnaói, Go ndearna an TIĠEARNA malluġaḋ agus mionna ḋiót a measc do ṁuinntire, a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA ar do ṫairḃḟéiċ loḃaḋ, agus ar do ḃolg at;


Atá an ḃean ceangailte ó ḋliġeaḋ ar feaḋ ṡáoġail a fir; giḋeaḋ dá ḃfaġuiḋ a fear bás, atá sí sáor ré pósaḋ ris an tí as áill ría; aṁáin sa Dtiġearna.


Bíoḋ eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort; is dó ḋéanas tú seirḃís, agus is dó aḋarfus tú, agus isé a ainm ṁionnoċus tú.


Biaiḋ eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort, agus do ḋéana tú seirḃís dó, agus mionnoċaiḋ tú ann a ainmsion.


Oír go deiṁin do ḃeirid dáoine an tí is mó ná íad féin mar ṁionnuiḃ, agus as críoċ air gaċ imreasain dóiḃsion mionna ċum deiṁniġṫe.


Annois ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, tugaiḋ ḃur mionna ḋaṁsa fan TTIĠEARNA, ó ṫaisbéan mé cinéul dáoiḃ, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do ṫiġ maṫarsa, agus coṁarṫa fíre do ṫaḃairt daṁ:


Ann sin a duḃairt a aṫair, agus a ṁaṫair ris, A né naċ ḃfuil bean ar biṫ a measg inġean do ḋearḃráiṫreaċ, nó a measc mo ḋaóinesi uile, ás a raċṫá do ṫaḃairt mná do na Ṗilistiniḃ neiṁṫimċillġeárrṫa? Agus a duḃairt Samson re na aṫair, Faġ ḋaṁ í; óir atá sí sgíaṁaċ ann mo ṡúiliḃ.


Agus ṫug Ionatan ar Ḋáiḃi mionnuġaḋ a rís, do ḃríġ gur ġráḋuiġ sé é: óir do ġráḋuiġ seision é mar do ġráḋuiġ sé a anum féin.


Agus a duḃairt Dáiḃi ris, An ḃféadfa tú misi ḃreiṫ síos ċum na cuideaċda sin? Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ tré Ḋía, naċ muirfe tú mé, agus naċ ttiuḃra tú a láiṁ mo ṁaiġistir mé, agus do ḃéara mé sics go nuige an ċuideaċda ṫú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ