Marsin déiriġ sé, agus do ċuáiḋ go Sareṗat. Agus a nuáir ṫaínic sé go geata na caiṫreaċ, féuċ, do ḃí an ḃaintreaḃaċ annsin ag cruinniuġaḋ maideaḋa: agus do ġoir seision í, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, taḃair ċugam, beagán uisge a soiṫeaċ, go niḃe mé.
Ar a naḋḃarsin a duḃairt an ḃean Ṡamaritánaċ sin ris, Cionnas ar mbeiṫ ḋuitsí ad Iúdaiġe, iárrus tú deoċ oramsa, ata am ṁnáoi Ṡamaritánaiġ? Oír ní ġnáṫuiġid na Iúdaiġe na Samaritánuiġ.
Ní ḃiáid ocraċ ná tartṁar; ní mo ġoirteoċus an teasḃaċ nó an ġrían íad: óir tréoroċuiḋ an té agá ḃfuil truáiġe ḋóiḃ íad, eaḋon láiṁ ris na tiobruiḃ fíoruisge ḃéaras sé éolus dóiḃ.
Agus suil do sguir mé do laḃairt am ċroiḋe, Feuċ, táinic Rebecah amaċ agus a soiṫeaċ ar a gúaluinn; agus do ċuaiḋ sios gus an tobur, agus do ṫarruing uisge: agus a duḃairt misi ría, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ ól.