16 Agus do ḃí a nóigḃean ro sgíaṁaċ ré feaċuin uirre, na maiġdin agus níor ċionntuiġ éinḟear ria: agus do ċuáiḋ síos gus an ttobar, agus do líon a soiṫeaċ agus táinig a nṡíos.
Agus tárla, a nuáir do ḃi sé ar teaċd a ḃfogus do ḋul a steaċ don Egipt, go nduḃairt sé re Sárai a ḃean, Féuċ annois, as aiṫne ḋaṁsa go ḃfúil tusa ad ṁnáoi sgiaṁaiḋ ré féaċúin ort:
Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre.
Agus do ḟág sé a raiḃ aige a láiṁ Ioseṗ; agus níor ḃfios dó éinní dá raiḃ aige féin, aċd aṁáín an tarán do iṫeaḋ sé. Agus do ḃí Ioseṗ, deaġṁaiseaċ, agus sgíaṁaċ.
¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.