11 Agus tug ar a ċáṁulluiḃ a légion ar a nglúiniḃ táoḃ a mniġ don ċaṫruiġ laiṁ ré tobar uisge a naimsir an tráṫ nóna, eaḋon sa nam a ttéid mná amaċ do ṫarruing uisge.
Agus daṁairc sé, agus féuċ tobar san ṁaċaire, agus ar ċeana, trí tréoid ċáoraċ na luiġe aige: óir is as an ttobar sin do ḃeirdís uisge dá ttréuduiḃ; agus do ḃí cloċ ṁór air ḃéul an tobair.
Annois a nuáir do ċúaluiḋ Ṗárao an nísi, do íarr sé Máoisi do ṁarḃaḋ. Aċ do ṫeiṫ Máóisi as raḋarc Ṗárao, agus so ċoṁnuiġ sé a gcriċ Ṁídian: agús do ṡuiġ sé síos laiṁ re tobar.
A nois do ḃi ag sagart Ṁídian móirṡesior inġean: agus tangadur agus do ṫairngeadur uisge, agus do líonadar na humair do ṫaḃairt uisge do ṫréad a naṫar.
An drong do ṡáoraḋ ar ḟuáim na saiġdeoraḋ a náitiḃ tairngṫe a nuisge, ann sin foillseoċuid síad ġníoṁraḋ firéanta an TIĠEARNA, eaḋon na gníoṁa fíreanta a ttaoḃ áitreaḃaċ a ḃailteaḋ a Nisrael: annsin raċaiḋ pobal an TIĠEARNA síos gus na geataḋuiḃ.
¶ Agus mar do ċúadar súas san ċnoc a gcionn na caiṫreaċ, fuaradar maiġdeana óga ag dul amaċ do ṫarruing uisge, agus a duḃradar ríu, An ḃfuil an féaċadóir annso?