Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 24:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ġlac an searḃfoġantuiġ deiċ ccáṁuill do ccáṁuilliḃ a ṁaiġistir, agus do imṫiġ; óir do ḃí máoin a ṁaiġisdir uile fá na laṁuiḃ: agus do éiriġ sé, agus do ċuáiḋ go Mesopotámia go caṫair Nahor.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 24:10
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṁair Térah seaċdṁoḋad blíaġan, agus do ġein Abram, Nahor, agus Háran.


Agus tug Abram agus Nahor mná ċucṫa: ainm ṁná Abram Sárai; agus ainm ṁná Nahor Milcah, inġin Háran aṫair Ṁilcah, agus aṫair Iscah.


Agus do ġlac Térah Abram a ṁac, agus Lot mac Hárain mac a ṁic, agus a ḃainċlíaṁuin Sárai, bean a ṁic Abram; agus do ċúadar amaċ leó ó Ur na Gcaldeanaċ, do ḋul go tír Ċanaáin; agus tangadar go Háran, agus daiṫreaḃuiġeadar ann sin.


Agus do biad laeṫe Térah ḋá ċéud agus cúig ḃliaġna, agus do éng Térah ann Háran.


Agus tárla tar éis na neiṫeannso, gur hinniseaḋ Dabraham, ag ráḋ, Feuċ Milcah mur rug sí mar an gcéudna clann dod ḋearḃraṫair Nahor;


Agus a duḃairt Abraham ris an tsearḃfoġantuiġ fá sine na ṫiġ, do riaġluiḋ a nuile ní dá raiḃ aige, Guiḋim ṫú, cuir do láṁ fáoi mo ṡlíasuid:


Agus tárla, a ndiaiġ na ccaṁull ól a sáiṫ, go rug an tóglaċ ar ċlúasḟáinne óir, leiṫ-ṡecel do ċoṁṫrum, agus ḋá ḃráisléd da láṁuiḃ do ċoṁṫrum ḋeiċ secel óir;


Agus ṫug an tóglaċ amaċ séoid airgid, agus séoid óir, agus éuduiġe, agus tug iad do Rebecah: agus tug mar an ccéadna dá dearḃraṫair agus da maṫair neiṫe morluáiḋ.


Anois ar a naḋḃarsin, a ṁic, uṁluiġ dom ġlórsa; agus éiriġ go Lában mo ḋearḃraṫair go Háran;


Ann sin do ġluáis Iacob ann a ṫurus, agus táinic go tír na ndaoine don taoiḃ ṡoir.


Agus daṁairc sé, agus féuċ tobar san ṁaċaire, agus ar ċeana, trí tréoid ċáoraċ na luiġe aige: óir is as an ttobar sin do ḃeirdís uisge dá ttréuduiḃ; agus do ḃí cloċ ṁór air ḃéul an tobair.


¶ Agus an tan do ċonncadar clann Ammon go ndéarnadar íad feín fúaṫṁar ag Dáiḃi, do ċuir Hánun agus clann Ammon míle tallann airgid dfostóġ carbad agus marcṡlúaġ ḋóiḃ as Mesopotamia, agus as Síria Maaċah, agus as Sóbah.


Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitiġeas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia,


Do ḃríġ naċ ttangadar ċugaiḃ lé harán agus lé huisge an sa tsliġe, anuáir ṫangaḃair amaċ as a Négipt; agus do ḃríġ gur ċeanċadar Bálaam ṁac Péor as Pétor na Mesopotámia, a taġuiḋ ċum ṫusa do ṁalluġaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ