Agus tug Isaac leis í go Pubuil a ṁaṫar Sárah, agus do ġaḃ ċuige Rebecah, agus do ḃí na mnáoi aige; agus do ġráḋuiġ í: agus do coṁḟurtaċduiġeaċ Isaac déis ḃáis a ṁaṫar.
Agus do ḟuaṫuiġ Esau Iacob ar son na beannaċda lear ḃeannuiġ a aṫair é: agus a duḃairt Esau na ċroiḋe, Atáid láeṫe cuṁa ar son máṫar a ḃfogus; ann sin ṁuirfeas misi mo ḋearḃraṫair Iacob.
Agus a duḃairt sé ris, Guiḋim ṫú, eiriġ, féuċ an maiṫ a táṫar ag ad ḋearḃráiṫriḃ, agus an maiṫ a táṫar ag na tréuduiḃ; agus taḃair scéula ċugam a rís. Mar sin do ċuir sé amaċ é as gleann Hébron, agus táinig sé go Seċem.
Agus tangadur gó hurlúr ḃuáilte Atad, noċ ata táoḃ ṫall do Iórdan agus ann sin do rinneadur cuṁa maille ré caóineaḋ aḋḃalṁor: agus do rínne dóḃrón ann sin ar a aṫar seaċd lá.
Agus do ċuṁadar, agus d ġuileadar, agus do ṫroisceadar go tráṫnóna, ar son Ṡauil, agus a ṁic Ionatan, agus ar son ṗobail an TIĠEARNA, agus ar son ṫiġe Israel; do ḃríġ gur ṫuiteadar leis an gcloiḋeaṁ.
Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.
Do ḃí ná ríġ ann Hébron ós cionn Iúdah seaċd mbliaḋna agus sé ṁí: agus do ḃí na ríġ ann Ierusalem tríoċad agus trí ḃlíaḋna ós cionn Israel uile agus Iúdah.
Agus do ṁacaiḃ Aáron ṫugadar caiṫreaċa Iúdah, Hébron, mar ċaṫair ḋídin, agus fós Libnah maille re na bailtiḃ beaga, agus Iattir, agus Estemoa, maille re na mionḃailtiḃ,
¶ Agus do ḃí doilġios ar Ieremiah tre Iosiah: agus do laḃradar na fir ċeóil uile agus na mná ceóil ar Iosiah iona ccáointiḃ gus a ninġ, agus do rinneadar órduġaḋ orra ann Israel: agus, féuċ, atáid scríoḃṫa annsna cuṁṫuiḃ.
Agus ar son na mbailteaḋ, gon a maċairiġiḃ, do ċoṁnuiḋ cuid do ċloinn Iúdah ann Ciriat‐arba, agus iona bailtiḃ, agus ann Dibon, agus iona bailtiḃ, agus ann Iecabseel, agus iona bailtiḃ,
Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah; Ní ċaóinfid síad é, Uċ a ḋearḃráṫair! nó, Uċ a ḋeirḃṡíur! ní ċaóinfid ar a ṡon, Uċ a ṫiġearna! nó, Uċ a ġlóirsion!
Agus do ċúadar súas buḋ ḋeas, go ttangadar go Hebron; mar a ráḃadar Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac. A nois do rinneaḋ Hebron seaċd mbliaḋna roiṁe Soan sa Négipt.
Uime sin na Iúdaiḋe de ḃí a ḃfoċair Ṁuire a stiġ, dá coṁḟurtaċd, an tan do ċunncadar, ag éirġe go tapuiḋ í agus ag dul amaċ, do leanadar í, ag ráḋ, Atá sí ag dul ċum an túama do ċáoineaḋ ann.
Agus do ġaḃ í, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile; agus do ḃuaileadar íad lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṁarḃadar a raiḃ danmannuiḃ innte; níor ḟág aon béo: mar do rinne sé re Hébron is mar sin do rinne re Debir, agus re na ríġ; mar do rinne fós re Libnah, agus re na ríġ.
Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.
¶ Agus do ċuáiḋ Iúdah a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ do áitreiḃ ann Hébron (annois do bé Círiat‐arba ainm Hebron roiṁe so:) agus do ṁarḃadar Sesai, agus Ahíman, agus Talmai.
Oir an feaḋ ṁairfeas mac Iesse ar taluṁ, ní daingneoċar ṫusa, nó do rióġaċd. Anois uime sin cuir fios air agus taḃair ċugamsa é, óir go deiṁin caiṫfiḋ sé bás dfulang.
Agus fuáir Samuel bás; agus do ċruinniġeadar Israel uile a gcionn a ċéile, agus do ċaoineadar é, agus do aḋluiceadar é iona ṫiġ féin a Rámah. Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ síos go fásaċ Páran.
¶ Anoís déug Samuel, agus do ċaóineadar Israel uile é, agus do aḋlaiceadar é a Rámah, eaḋon iona ċaṫruiġ féin. Agus do ċuír Saul ar síuḃal an drong agá mbídís leannáin síṫ, agus luċd na bpiséog as an ttír amaċ.