Agus do ḃí Eṗron na ċoṁnuiḋe a measg ċloinne Hét: agus do ḟreaguir Eṗron an Hititeaċ Abraham a neisdeaċd ċloinne Héṫ, eaḋon gaċ áoin dá ndeaċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ a ċaiṫreaċ, dá ráḋ.
Agus do áontuiġ a ndeaċuiġ amaċ as geata a gcaiṫreaċ lé Hámor, agus lé Seċem: agus do tímċillġearraḋ gaċ éinḟear, an ṁéid do ċuáiḋ amáċ as geata a gcaiṫreaċ.
Agus ṫug mé scríḃinn na ceannuiġeaċda do Ḃaruċ ṁac Neriah, ṁic Maaseiah, a raḋarc Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar, agus a laṫair na ḃtíaġan do scríoḃ a leaḃar na ceannuiġeaċda, a laṫair na Níuduiġeaḋ uile do ṡuiġ a ccúirt an ṗríosúin.
An sin do ċúaiḋ Boas súas ċum an ġeata, agus do ṡuiġ sé síos annsin: agus, féaċ, ṫáinic an braṫair air ar laḃair Boas, re na ṫáoḃ; a duḃairt seision ris, Hó, ṫusa! gaḃ a leiṫ, suiġ síos ann so. Agus do ṫáinic seision, agus do ṡuiġ sé síos.