16 Agus tug Abraham airé Déṗron; agus do ṁeaḋuiġ Abraham an tairgead Déṗron, fá mar dainmniḋ sé a néisteaċd ṁac Hét, ceiṫre ċéad secel airgid, ċorónta ag an cceannuiġe.
Agus tárla ḋúinn, a nuáir ṫangamar don tiġ ósta, gur osglamar ar saic, agus, féuċ, go raiḃ airgead gaċ áonduine aguinn a mbéul a ṡaic, ar nairgead a ccoṁṫrom iomlán: agus tugamar linn a ris é nar láiṁ.
¶ Agus do ċuir cúram orra, agus a duḃairt ríu, Atáimsi a nam mo ċruinniġṫe ċum mo ḋaóine, aḋlaiciḋ mé a ḃfoċair maiṫreaċ, ann sa nuaṁuiġ atá a maġ Eṗron an Hititeáċ,
Oír do rugadur a ċlann leó é go tIr Ċánaain, agus do Ṁaċpeláh, noċ do ċeannuiġ Abraham, maille ris an maċaire mar ṡeilḃ ċum áite aḋluicṫe, ó Eṗron an Hititeaċ as coinne Ṁamre.
Agus a nuáir do ḃearraḋ sé a ċeann, (óir is a gcionn gaċa blíaḋna do ḃearraḋ sé é: do ḃríḋ go raiḃ sé trom air, uimesin do ḃearraḋ sé é:) do ċoṁṫromaḋ sé grúag a ċinn le ḋá ċéud secel do réir ċoṁṫruim an ríġ.
Agus a duḃairt an ríġ ré Haraunah, Ní haṁluiḋ ḃías; aċt ceainneoċuiḋ mé uait é ar a lúaċ: agus ní ofrála mé ofráil loisge dom ṪIĠEARNA Día do ní naċ ccoisteonuiġ éainní ḋaṁ. Mar sin do ċeannuiġ Dáiḃi an turlár buáilte agus na daiṁ ar ċaogad secel airgid.
Is é so do ḃéuruid, gaċ éan da raċaiḋ ṫort na measc atá áirṁiṫe, leiṫṡecel do reír na sanctóra: (secel is é sin fiṫċe gérah:) agus leiṫṡecel ofráil an TIĠEARNA.
Agus do ċeannuiġ mé an maċaire ó Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar noċ do ḃí ann Anatot, agus do ṫoṁais mé an tairgiod ċuige, eaḋon seaċt secel déag airgid.
Agus a duḃairt mé ríu, Maḋ áill liḃ féin, tugaiḋ ḋaṁsa mo lúaċ; agus mun buḋ áill, léigiḋ ḋó. Marsin do ċoṁṫromadar ar son mo lúaċa, tríoċad píosa airgid.
Tuille eile, a ḋearḃraiṫre, giḋ bé ar biṫe neiṫe atá firinneaċ, giḋ bé neiṫe atá trómġa, giḋ bé neiṫe atá ceart, giḋ bé neiṫe atá glan, giḋ be neiṫer as fíu gráḋ, giḋ bé neiṫe ar a ḃfuil deaġṫeisd; ma tá súḃailciġe ar biṫ, agus má tá molaḋ, go maḋ híad ḃías siḃ a smuáineaḋ.
Gan leaṫrom na méaḃail do ḋéunaṁ déinneaċ air a ḋearḃraṫair: óir do ní Día díoġaltus sna neiṫiḃse uile, do réir mar a duḃramar ċeana riḃ, agus do rinneamar dfíaḋnuisi.