Agus do laḃair Isaac re na aṫair Abraham, agus a duḃairt, A aṫair: agus a duḃairt seision, Ag so mé, a ṁic. Agus a duḃairt seision, Féuċ ag so an teine agus an connaḋ: aċ cáit a ḃfuil an túan ċum na hofrála loisge?
Agus tangadar gus a náit do innis Día ḋósan; agus do rinne Abraham altóir ann sin, agus do ċuir an connaḋ go deas, agus do ċeangail a ṁac Isaac, agus do leag ar a naltóir é ar úaċdar an ċonnuiġ.
Agus a duḃairt Elias ris, Guíḋim ṫú, fan annso; óir do ċuir an TIĠEARNA misi go Iordan. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḟúigfiḋ mé ṫú. Agus dimṫiġeadar rompa aráon.
Agus a duḃairt Amasiah re hóglaċ Dé, Aċt cred ḋéanam ris an ccéud tallann noċ ṫug mé do ṡlúaġ Israel? Agus do ḟreagair oglaċ Dé é, Is féidir leis an TTIĠEARNA níos ro ṁó ná so do ṫaḃairt duit.
Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.
Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.
Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.