Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 22:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 An sin ar an treas lá do ṫóg Abraham a ṡuile súas, agus do ċonnairc a náit a ḃfad uaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 22:4
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do éiriġ Abraham go moċ ar maidin, agus do uġmuiḋ a asal, agus rug días dá óganaċuiḃ leís, agus a ṁac Isaac, agus do scoilt an connaḋ don offráil loisge, agus do éiriġ súas, agus do ċuáiḋ gus a náit a duḃairt Día ris.


Agus a duḃairt Abraham ré na óganaċuiḃ, Fanuiḋsi annso a ḃfoċair a násail; agus raċaiḋ misí agus an leanaṁ ann sud agus do ḋéanam aḋraḋ, agus tiucfam ċuguiḃ a rís.


Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo ṗobail, Is marso a deir an TIĠEARNA, Díahaṫar Dáiḃi, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, sláineoċuiḋ mé ṫu: ar an treas lá raċá tú súas go tiġ an TIĠEARNA.


Anois tárla ar an treas lá, gur ċuir Ester a culaiḋ ḃainríoġna uirre, agus do ṡeas annsa ċúirt dob ḟaide a steaċ a ttiġ an ríġ, ṫall as coinne ṫiġe an ríġ: agus do ṡuiġ an ríġ iona ċaṫaóir ríoġa annsa tiġ ríoġaṁuil, ṫall as coinne ġeata an tiġe.


Marsín tug Maóise Israel ón Ṁuir ruáiḋ, agus do ċuádar go fásaċ Sur, agus do ṡiúḃaladar trí lá san ḃfásaċ, agus ní ḟúaradur uisge.


Agus biṫi réiġ a gcoinne an treas lá: óir an treas lá ṫiucfas an TIĠEARNA a núas a naṁarc an ṗobuil uile ar slíaḃ Sínai.


Agus a duḃairt sé ris an bpobal, Biṫi reiḋ a ccoinne an treas lá: na tigiḋ a ngar ḃur mban.


Agus a duḃradursan, Tarla Día na Neaḃruiḋeaċ rinn: léig ḋúinn imṫeaċd, iarmáoid ort, uiḋe ṫrí lá annsa ḃfásaċ, agus ioḋbuirt do ḋéanaṁ don TIĠEARNA ar Ndía; deagla go luiḋfioḋ sé oruinn le pláiġ nó lé cloiḋeaṁ.


A ccionn dá lá aiṫḃeóġa sé sinn: annsa treas lá tóigfe sé súas sinn, agus mairḟiom iona raḋarc.


Aċd fuiġeall ḟeóla na híoḋbarṫa an treas lá loiscfiġear le teiniḋ é.


¶ Agus do imṫiġeadar ó ṡliaḃ an TIĠEARNA aístear ṫrí la: agus airc ċunnarṫa an TIĠEARNA ag imṫeaċd rompa a naistior na ttrí lá, diarruiḋ áite coṁnuiḋe ḋóíḃ.


Glanfuiḋ sé é féin leis sin ar an treas lá, agus an seaċdṁaḋ lá biáiḋ sé glan: aċd muna nglana sé é féin an treas la, annsin ní ḃiáiḋ sé glan an seaċdṁaḋ lá.


Agus croiṫfiḋ an duine glan air an neaṁġlan an treas lá, agus an seaċdṁaḋ lá; agus ar an seaċdṁaḋ lá glanfuiḋ é féin, agus niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisge, agus biáiḋ sé glan tráṫnóna.


Agus déanuiḋ coṁnuiġe táoḃ amuiġ don ċampa seaċd lá: giḋ bé ṁarḃ éainneaċ, agus giḋ bé ḃéan re corp marḃ, glanuiḋ siḃ féin agus ḃur mbraiġde ar an treas lá, agus ar an seaċdṁaḋ lá.


Agus muirfid síad é, aċd an treas lá eíroċaiḋ sé arís. Agus do ġaḃ doḃrón roṁór íadsan.


Agus a duḃairt seision ríu, Ar nimṫeaċ dáoiḃ, abruiḋ ris an tsionaċsin, Féuċ, teilgimsi deaṁain amaċ, agus dó ním leiġeas a niu agus a máraċ, agus críoċnóċar leam an treas lá.


Agus gur haḋlaiceaḋ é, agus gur éiriḋ sé an treas lá do réir na sgríobtúr:


Eírġiḋe ar feaḋ an tslóiġ, aiṫniġíḋ don ṗobal, ḋá ráḋ, Ullṁuiġiḋ lónn daóiḃ féin; óir fa ċionn ṫrí lá raċṫaói a nonn tar an Iordansa, do ḋul do ṡealḃúġaḋ na tíre, do ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ re na ṡealḃuġaḋ mar oiġreaċd.


¶ Ann sin do ċúaiḋ Dáiḃi don táoiḃ oile anonn, agus do ṡeas a mullaċ cnoic a ḃfad uáṫa; agus spás mór eatorra:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ