Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
Agus do éiriġ Abraham go moċ ar maidin, agus do uġmuiḋ a asal, agus rug días dá óganaċuiḃ leís, agus a ṁac Isaac, agus do scoilt an connaḋ don offráil loisge, agus do éiriġ súas, agus do ċuáiḋ gus a náit a duḃairt Día ris.
Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.
Agus mionnoċa tú, Mairiḋ an TIĠEARNA, a ḃfírinne, a mbreiṫeaṁnus, agus a ḃfíreantaċd; agus beinneoċuid na geinte íad féin annsan, agus is ann ḃías a nglóir.
Aċt daiṫin mé an ní so ḋíoḃ, ḋá ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus buḋ misi ḃur Ndía, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa: agus siuḃluiġiḋ annsna huile ṡliġṫiḃ dar aiṫin mé, ċor go mbeiṫear go maiṫ aguiḃ.
Máseaḋ is Dáḃraham agus dá ṡíol tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abair sé, Agus do na síoltuiḃ, mar do ḃíaḋ sé ag laḃairt ar ṁórán; aċd mar do laiḃeóraḋ sé ar áon ag ráḋ, Agus dod ṡiolsa, agar ab é Críosd é.
Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.