17 A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad.
Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
Ar a naḋḃarsin sí mo ċoṁairlesi, Israel uile do ċruinniuġaḋ, ó Ḋan go Beerséba, mar an ngaineaṁ atá ċois na fairge ar iomadaṁlaċd; agus ṫu féin do ḋul a ccaṫ ad ṗearsuinn féin.
Do ḟoirlíon tú a cclann mar an ccéadna aṁuil réultanna a naiéir, agus ṫug tú don tír íad, a ttaoḃ a ttug tú geallaḋ ḋá naiṫriḃ, go raċaidís a steaċ dá sealḃuġaḋ.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Mar naċ féidir slúaġ neiṁe dáireaṁ, nó gaineaṁ na fairge do ṫoṁus: mairsin fóirlíonfuiḋ misi slioċd Ḋáiḃi mo ṡeirḃíseaċ, agus na Leḃítiġ ṁiniostralas daṁ.
¶ Gidbeaḋ biáiḋ uiḃir ċlainne Israel aṁuil gaineaṁ na fairge, naċ féidir do ṫoṁas nó dáireaṁ; agus tiucfa a ccríċ, annsa náit a ndúḃraḋ ríu, Ní siḃsi mo ḋaóinesi, annsin a déarṫar ríu, Is siḃsi mic an Dé ḃí.
Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;
¶ A núair ḃéuras tú aire ré guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, do ċoiṁéud a aiṫneaḋ uile noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart a raḋarc an TIĠEARNA do Ḋía.
Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.