Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.
Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit.
Coṁnuiḋ sa tírsi, agus biáiḋ misi maille riot, agus beinneoċaiḋ mé ṫú; óir duitsi, agus dot ṡíol, do ḃeura me na tíorṫaso uile, agus coṁlionfuiḋ mé an mionna noċ tug mé Dábraham dot aṫair;
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Do ṁionnuiġ mé ṫríom féin, do ċuáiḋ an fócal amaċ as mo ḃéul a ḃfírinne, agus ní ḟillfe sé, Go nuiṁleoċuiḋ gaċ uile ġlún daṁsa, mionnoċa gaċ uile ṫeanga.
Ar a naḋḃarsin éistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile ċoṁnuiġios a ccríċ na Hégipte; Féuċuiḋ, ṫug misi mionna fám ainm mór, a deir an TIĠEARNA, naċ ainmneoċar mainm ní sa ṁó a mbéul áonduine ar biṫ do Iúdah a nuile ċríċ na Hégipte, ġa ráḋ, Mairiḋ an TIĠEARNA Día.
Oír do ṁionnuiġ misi ṫríom féin, a deir an TIĠEARNA, go mbia Bosrah na fásaċ, na scannail, na húaignios, agus na malluġaḋ; agus go mbéid a ccaiṫreaċa uile na ḃfasáċ ṡíorruiḋe.
Do ṁionnuiġ TIĠEARNA na slóġ tre na anam féin, ag ráḋ, Go deiṁin líonfa mé ṫú lé daóiniḃ, mar buḋ lé catirpiléuruiḃ, agus tógfuid síad gáir súas ad aġaíḋsi.
Anois an tan do ġaḃ mé láiṁ riot, agus daṁairc mé ort, féuċ, do bé haimsir aimsir ġráḋa; agus do leaṫnuiġ mé mo sciorta ṫort, agus dfoluiġ mé do ṫárnoċtuiġ: fós ṫug mé mionna ḋuit, agus do ċuáiḋ mé a cunnraḋ riot, a deir an Tiġearna DIA, agus do buḋ liomsa ṫú.
Do ṫug an TIĠEARNA Día é féin mar ṁionnuiḃ, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ, Fúaṫuiġim oirḋearcus Iácob, agus fúaṫuiġim a ṗáláis: uimesin seaċóduiġ mé súas an ċaṫair gun a ḃfuil innte uile.