Agus do ṫóg Abraham a ṡúile súas, agus daṁairc sé, agus féuċ, do ḃí táoḃ ṡíar ḋe reiṫe ceanguilte lé na aḋarcuiḃ ann a ttor: agus do ċuáiḋ Abraham agus do ġlac an reiṫe, agus do íoḋbuir é mar offrail loisge a náit a ṁic.
Bíḋ a mbruid, agus sáoṫruiġ breiṫ, a inġean Sion, cosṁuil re muáoi re níoḋnuiḃ: óir a nois raċaiḋ tú amaċ as an ccaṫruiġ, agus coiṁueoċa tú anusa ṁaċaire, agus raċa tú don Ḃabilóin; annsin sáorfuiġear ṫú; annsin ḟuáisceolus an TIĠEARNA ṫú ó láiṁ do náṁad.
Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.
Oír do déana an TIĠEARNA breiṫeaṁnus air a ṗobal, agus géaḃuiḋ aiṫreaċus é fa na ṡeirḃíseaċuiḃ, a núair do ċifiḋ gur imṫiġ a neart, agus naċ ḃfuil éanduine fa íaġaḋ, no ar marṫuinn ḋíoḃ.
Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.
Ar a naḋḃarsin anois éiriġ súas go moċ ar maidin maille re searḃḟoġantaiḃ do ṁaiġistir ṫáinic leaċd: agus cóṁlúaṫ agus ḃeiṫí súas go moċ ar maidin, agus ḃias solus aguíḃ, imṫiġiḋ.