12 Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.
Agus do ṫóg Abraham a ṡúile súas, agus daṁairc sé, agus féuċ, do ḃí táoḃ ṡíar ḋe reiṫe ceanguilte lé na aḋarcuiḃ ann a ttor: agus do ċuáiḋ Abraham agus do ġlac an reiṫe, agus do íoḋbuir é mar offrail loisge a náit a ṁic.
Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit.
Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.
Agus a duḃairt Maóise ris an pobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is do ḃur ndearḃaḋ ṫainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne ḃur naġáiḋeaḋ, ionnus naċ bpeacuiġeaḋ siḃ.
Do ċuireadar súas fós áite árda Ḃaal, do loscaḋ a mac lé teine mar ofrála loisge do Ḃáal, noċ naċ ar áiṫin misi, agus naċ ar laḃras, agus naċ ttáinic ann minntinn.
¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.
Agus giḋ bé neaċ do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫreaċa, nó deirḃṡeaṫraċa, nó aṫair, nó maṫair, nó bean, nó clan, nó dúṫuiḋ ar son manmasa, do ġeaḃa sé a ċead oirid, agus an ḃeaṫa ṁarṫanaċ mar oiḋreaċd.
Go maḋ mar sin ḋealróċus ḃur soillsisi a ḃfíaġnuisi na ndáione, a gcrúṫ go ḃfaicfiḋ síad ḃur ndeaġoibriġṫe, agus do dtioḃruid glóir dá ḃur Naṫair atá ar neaṁ.
Oír is mar so do ġráḋuiġ Día an doṁan, go dtug sé a éiġein Meic fein, ionnus giḋ bé ċreideas ann, naċd raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeaṫa ṡiorruiḋe aige.
Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.
Ní ṫárla caṫuġaḋ ar biṫ ḋíḃ aċd an caṫuġaḋ leanus gaċ áon: agus atá Día fírinneaċ, náċ ḃfuileóngaiḋ caṫúġaḋ do ċur oraiḃ ós cionn ḃur neirt; aċd do ḋéuna sé sliġe imṫeaċd ḋíḃ ann sa gcaṫúġaḋ, ionnus go maḋ éidir liḃ a iomċar.
Uime sin ar ḃfaġáil ríaċda ḋúinn naċ féidir a ċorruġaḋ, bíoḋ grás aguinn, tré na ḃféudfum seirḃís a ḋéunaṁ do Ḋía ann a mbíaḋ dúil aige maille ré náire agus ré faitċeas:
Aċd, a déuruiḋ neaċ éigin, Atá creideaṁ agadsa, agus atáid oibreaċa agumsa: taisbéinse ḋáṁsa do ċreideaṁ a ḃféugmuis hoibreaċa, agus taisbéuneadsa mo ċreidiṁ ḋuitse as ṁoibreaċuiḃ.
Agus a duḃairt Samuel, An ḃfuil oirid dúile ag an TTIĠEARNA a nofráluíḃ loisge agus a níoḋbarṫaiḃ, mar atá aige a nuṁla do ġlór an TIĠEARNA? Féuċ, Is féarr uṁluġaḋ ná íoḋbairt, agus éisdeaċd ná méaṫas reiṫeaḋ.