Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 22:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus do ġoir aingeal an TIĠEARNA air ó neaṁ, agus a duḃairt, A Abrahaim, A Abrahaim: agus a duḃairt seision, Ag so mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 22:11
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus fuáir aingeal an TIĠEARNA í láiṁ ré tobar uisge, san ḃfásaċ, laiṁ ris an ttobar ar an tsliġe go Súr.


Agus do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ, agus do ġoir aingeal Dé ar Hágar ó neaṁ, agus a duḃairt ría, Créd ġoilleas ort a Hágar? ná bíoḋ eagla ort; óir do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ mar a ḃfuil sé.


Eiriġ, tóg suas an leanaṁ, agus connaiṁ ann do láiṁ é; oir do ḋéuna misi cineaḋ mór ḋe.


Agus tárla a ndíaiġ na neiṫeannso gur ṫeasduiġ Día Abraham, agus go nduḃairt ris, A Abrahaim: agus a duḃairt seision, Féuċ, mé annso.


Agus do ṡín Abraham a láṁ amaċ, agus do ġlac an sgían do ṁarḃaḋ a ṁic.


Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.


Agus a duḃairt, Do ṁionnuiġ mé oram féin, arsa an TIĠEARNA, do ċionn go ndearna tú an ní si, agus nar ċoigil tú do ṁac, háonṁac aṁáin:


An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.


Agus do laḃair aingeal Dé rium a naisling dá ráḋ, A Iácob; agus do raiḋ misi, Atáim annso.


Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Naċ ḃfuilid do ḋearḃráiṫre ag beaṫuġaḋ an tréada a Seċem? tárr águs cuirfe mé ċucṫa ṫú: agus a duḃairt seision ris, Atáim annso.


Agus do laḃair Día re Hisrael a ttaiḃse na hoiḋċe, agus do ráiḋ, A Iácob, a Iacob. Agus a duḃairt seision, Atáim annso.


An taingiol do ḟúasguil mé ó nuile olc, go mbeannuiġe sé na leiniṁ; agus goirṫear mainmsi orra, agus ainm maiṫreaċ Abraham agus Isaac; agus fásáidis na niomadaṁlaċd a meaḋon na talṁan.


Agus táinic aingeal an TIĠEARNA ċuige a lasair ṫeineaḋ amaċ as lár craóiḃe: agus daṁairc seision, agus, féaċ, do ḃí an ċráoḃ tré lasaḋ ó ṫeineiḋ, agus níor loisgeaḋ an ċráoḃ.


Agus a nuáir do ċonnairc an TIĠEARNA gur ḟill sé a leaṫtaoiḃ dá ḟaicsin sin, do ġoir Día air amaċ as lár na cráoiḃe, agus a duḃairt, A Ṁaoisi, a Ṁaoisi. Agus a duḃairt seision, Atáim annso.


¶ Mar an ccéadna do ċúalaiḋ mé gúṫ an Tiġearna, ġa ráḋ, Cía ċuirfeas mé uaim, agus cía raċus air ar son? Annsin a duḃairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.


Agus ar dtuitim ḋúinn uile ar talaṁ, do ċúalaiḋ mé gúṫ ag laḃairt riom, agus ag ráḋ sa dteangaiḋ Eaḃra, A Ṡáuil, a Ṡáuil, créd fa ḃfuil tú ag gérleanṁuin orum? is cruiḋ ḋuit beiṫ ag gaḃáil dod ṡálaiḃ a naġaiḋ ḋealg.


Agus ar dtuitim ḋó ċum na talṁan, do ċúalaiḋ sé gúṫ ag ráḋ ris, A Ṡaúil, a Ṡaúil, créud fá a ḃfuil tú ag gérleanṁuin orum?


Agus ṫáinic aingeal an TIĠEARNA a níos ó Ġilgal go Bóċim, agus a dúḃairt, Ṫug misi oruiḃ dul súas as an Négipt, agus ṫug mé siḃ ċum na tíre da ṁionnuiġ mé da ḃur naiṫriḃ; agus a duḃairt mé, Ní ḃrisfe mé mo ċunnraḋ riḃ ċoiḋċe.


Agus ṫáinic an TIĠEARNA, agus do ṡeas, agus do ġoir mar na húairiḃ oile, A Ṡamuel, a Ṡamuel. Ann sin do ḟreagair Samuel, Laḃair; oír cluiniḋ do ṡeirḃiseaċ ṫú.


Gur ġoir an TIĠEARNA A Ṡamuel: agus gur ḟreagair seision, Atáim annso.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ