Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 22:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla a ndíaiġ na neiṫeannso gur ṫeasduiġ Día Abraham, agus go nduḃairt ris, A Abrahaim: agus a duḃairt seision, Féuċ, mé annso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 22:1
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór.


Agus do ḃí an ní roḋoiliġ a súiliḃ Abraham ar son a ṁic.


Agus do ġoir aingeal an TIĠEARNA air ó neaṁ, agus a duḃairt, A Abrahaim, A Abrahaim: agus a duḃairt seision, Ag so mé.


Agus do laḃair Isaac re na aṫair Abraham, agus a duḃairt, A aṫair: agus a duḃairt seision, Ag so mé, a ṁic. Agus a duḃairt seision, Féuċ ag so an teine agus an connaḋ: aċ cáit a ḃfuil an túan ċum na hofrála loisge?


Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Naċ ḃfuilid do ḋearḃráiṫre ag beaṫuġaḋ an tréada a Seċem? tárr águs cuirfe mé ċucṫa ṫú: agus a duḃairt seision ris, Atáim annso.


Agus do laḃair Día re Hisrael a ttaiḃse na hoiḋċe, agus do ráiḋ, A Iácob, a Iacob. Agus a duḃairt seision, Atáim annso.


Agus a rís do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ċorruiḋ sé Dáiḃi na naġaiḋ, ḋa ráḋ, Imṫiġ, agus coṁáir Israel agus Iúdah.


¶ Aċt ċeana a ttáoḃ ṫeaċtaḋ ṗrionnsaḋ na Baibilóine, noċ do ċuir teaċta ċuige dfaġáil sgéul a niongnuiḋ do rinneaḋ annsa tir, do léig Día na leiṫ féin, é, da ḋearḃaḋ, ċor go mbeiṫ fios a nuile ni da raiḃ iona ċroiḋe aige.


Dearḃuiḋ an TIĠEARNA an fíréun: aċt an ciontaċ agus an té ġráḋuiġios foiréigion fúaṫuiġiḋ a anam.


An sin duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, fearfa misi aran ó neaṁ ḋáoiḃ, agus raċuid na dáoine amaċ agus cruinneoċuid suim áiriġe gaċ lá, go ndearḃa mé íad, an siuḃoluid ann mo ḋliġeaḋ, nó naċ déanúid.


Agus a nuáir do ċonnairc an TIĠEARNA gur ḟill sé a leaṫtaoiḃ dá ḟaicsin sin, do ġoir Día air amaċ as lár na cráoiḃe, agus a duḃairt, A Ṁaoisi, a Ṁaoisi. Agus a duḃairt seision, Atáim annso.


Pota a naṫġlanta ċum a nairgid, agus a nfoirnís ċum a nóir: aċt isé an TIĠEARNA spíanus na croiḋṫe.


¶ Mar an ccéadna do ċúalaiḋ mé gúṫ an Tiġearna, ġa ráḋ, Cía ċuirfeas mé uaim, agus cía raċus air ar son? Annsin a duḃairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.


Ní ṫárla caṫuġaḋ ar biṫ ḋíḃ aċd an caṫuġaḋ leanus gaċ áon: agus atá Día fírinneaċ, náċ ḃfuileóngaiḋ caṫúġaḋ do ċur oraiḃ ós cionn ḃur neirt; aċd do ḋéuna sé sliġe imṫeaċd ḋíḃ ann sa gcaṫúġaḋ, ionnus go maḋ éidir liḃ a iomċar.


Ní éistfe tú ré bríaṫruiḃ an nfáiġ sin, nó ḟir ḟaicsiona na naislingeaḋ: Oír dearḃuiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃ, dá ḟéaċain an ngráḋuiġeann siḃ ḃur TṪIĠEARNA Día ré ḃur nuile ċroiḋe, agus lé ḃur nuile anum.


Noċ do ḃeaṫuiġ ṫú san ḃfásaċ lé manna, naċ ar ḃfeas dot aiṫriḃ, ċor go nuiṁleoċaḋ sé ṫú, agus go ndearḃoċaḋ sé ṫú, do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋuit ann daimsir ḋeiġionuiġ;)


Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.


As tré ċreideaṁ, do ḟoráil Abraham Isaac, an tan do ḋearḃaḋ é: agus an tí fuáir na geallaṁnaċa do ḟoráil sé a néinġin,


A né naċ ó oibreaċuiḃ do rinneaḋ ar naṫair Abráham fíréunta, an tan dforáil sé a ṁác Isaac ar naltóir?


Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin:


Iondus go ndearḃoċa mé Israel ṫríoṫasan, an gcoiṁéadfuid sliġe an TIĠEARNA do ṡiuḃal innte, mar do ċoiṁéadadar a naiṫreaċa, nó naċ ndéanuid.


Gur ġoir an TIĠEARNA A Ṡamuel: agus gur ḟreagair seision, Atáim annso.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ