Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe.
Aċt do rinneadar magaḋ fa ṫeaċtuiḃ Dé, agus do ṫarcuisniġeadar a ḃríaṫra, agus do easonóruiġeadar a ḟáiġe, nó gur éiriġ feárg an TIĠEARNA re na ṗobal, ionnus naċ raiḃ a ḃfóiriṫin ann.
Do ċuiṁniġ Ierusalem a láeṫiḃ a háindeise agus a boċtuine ar a huile neiṫiḃ sólasaċa do ḃí aice annsna láeṫiḃ a nallód, an tan do ṫuiteadar a daoine a láiṁ a náṁad, agus nar ċuidiġ duine ar biṫ ría: do ċonncadar a naiṁde í, agus do rinneadar magaḋ fa na sabbóidiḃ.