An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí?
Agus a nuáir déiriġ mé ar maidin do ṫaḃairt cíċe dom leanaṁ, feuċ, do ḃí sé marḃ, aċt a nuáir dféaċ mé air maidin go grinn air, féuċ, ni hé mo ṁac do ḃí ann, noċ do rug mé.
Annsin a déara tú ann do ċroiḋe, Cía fuáir íad so ḋaṁ? ó ċaill mé mo ċlann, agus go ḃfuilim aonranaċ, agus am ḃráġaiḋ, agus ag áṫruġaḋ ó áit go háit? agus cía ṫug íadso súas? Féuċ, do fágḃaḋ am áonar mé; cáit a raḃadar so?
Cía ċúalaiḋ a leiṫéid sin do ní? cía ċonnairc leiṫéid na neiṫeannso? An ttiuḃarṫar air an ttalaṁ gineaṁuin a náonló? nó an mbeirṫear cineaḋ a naóinḟeaċt? óir coṁlúaṫ agus do ṡáoṫruiġ Sion, ṫug sí á clann amaċ.
Go deiṁin ní ḃfuil droiġeaċd ar biṫ a naġaiḋ Iácob, ní mó atáid piseóga ar biṫ a naġaiḋ Isráel: do réir na haimsiresi a déarṫar re Iácob agus re Hísrael, Gaċ dar oibriġ Día!
An tan ṫiucfas se ċum glóire dfáġáil ann a náoṁuiḃ, agus ċum a ḋéunta iongantaċ sna huile ḋaóiniḃ ċreideas (do ḃríġ gur ċreideaḋ a nfíaḋnuisi do rinneamairne eadruiḃse) sa lá sin.