An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí?
Annsin a déara tú ann do ċroiḋe, Cía fuáir íad so ḋaṁ? ó ċaill mé mo ċlann, agus go ḃfuilim aonranaċ, agus am ḃráġaiḋ, agus ag áṫruġaḋ ó áit go háit? agus cía ṫug íadso súas? Féuċ, do fágḃaḋ am áonar mé; cáit a raḃadar so?
Can, a aimrid, ṫusa naċ rug; bris amaċ a ccéol, agus fúagair ós áird, ṫusa naċ raiḃ re nioḋnuiḃ: óir is mó clann na haonránuiġ ná clann na mná pósta, a deir an TIĠEARNA.
As tré ċreideaṁ mar an gcéudna fuáir Sára féin neart ċum síl do ġaḃáil di, agus rug sí mac tar éis í ḋul tar aóis cloinne ḃreiṫ, do ḃríġ gur ṁeas sí gur ḃfírinneaċ an tí ṫug an geallaḋ.