Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.
An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí?
Agus na ḋiáiġ sin ṫáinig a ḋearḃraṫair amaċ, agus do ḃi greim agá láiṁ ar ṡáil Esau; agus tugaḋ Iácob dainm air: agus do ḃi Isaac trífiċid bliaḋan dáois a nuáir do rugaḋ íadsan.
Agus ar mbeiṫ neiṁmeirḃ ḋó a gcreideaṁ, níor ċuir sé íona suim go raiḃ a ċorp féin ċeana gan spracaḋ, ar mbeiṫ ḋó a dtimċeall ċéd blíaḋan, na fós a neiṁmbrioġṁuireaċd ḃronn Ṡára: