Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus a duḃairt Día ré Hábraham, Ná bíoḋ sé na ḋoilġeas agad ar son a nogánuiġ, agus ar son do ṁná dáoire; sa nuile ní dá nduḃairt Sárah riot éisd ré na glór; óir is an Isaac goirfíḋear do ṡlioċd.
Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit.
Tug sé ḋó mar an gcéadna connraḋ an timċillġearraḋ: agus is mar sin do ġin Abraham Isaac, agus do ṫimċillġearr sé é an toċdṁáḋ lá; agus do ġein Isaac Iácob; agus Iácob an dá ṗátriárc ḋéug.
Agus do ṫóg misi ḃur naṫair Abraham don taóiḃ oile don tuile, agus do ṫréoruiġ mé tré ṫír Ċanaain uile é, agus do ṁéaduiġ mé a ṡlioċd, agus ṫug mé Isaac ḋó.