Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus do ráiḋ seision, Go deiṁin fillfiḋ mé ċugad do réir aimsire na beaṫa; agus, féuċ, Sárah do ḃean biáiḋ mac aice. Agus do ċúaluiḋ Sárah sin a ndorus an ṗubail, do ḃí air a ċul.
Tug sé ḋó mar an gcéadna connraḋ an timċillġearraḋ: agus is mar sin do ġin Abraham Isaac, agus do ṫimċillġearr sé é an toċdṁáḋ lá; agus do ġein Isaac Iácob; agus Iácob an dá ṗátriárc ḋéug.
As tré ċreideaṁ mar an gcéudna fuáir Sára féin neart ċum síl do ġaḃáil di, agus rug sí mac tar éis í ḋul tar aóis cloinne ḃreiṫ, do ḃríġ gur ṁeas sí gur ḃfírinneaċ an tí ṫug an geallaḋ.
Agus do ṫóg misi ḃur naṫair Abraham don taóiḃ oile don tuile, agus do ṫréoruiġ mé tré ṫír Ċanaain uile é, agus do ṁéaduiġ mé a ṡlioċd, agus ṫug mé Isaac ḋó.