Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 20:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ann sin do ġoir Abimeleċ Abraham, agus a duḃairt ris, Créd do rinne tusa linne? agus créud a nurċóid do rinne mé féin duit, ás a ttug tú peacaḋ mór oram féin agus ar mo rioġaċd? do rinne tú gníoṁa orumsa nár ċóir a ḋéunaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 20:9
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġoir Ṗárao Abram, agus a duḃairt, Créad é so do rinne tú oram: créd nár innis tú ḋaṁ gur ḃí do ḃean í?


Agus a duḃairt Abimeleċ ré Abraham, Créd do ċonnairc tú as a ndearna tú an ní si?


Uime sin do éiriġ Abimeleċ go moċ ar maidin, agus do ġoir a ṡerḃísiġ uile, agus do innis na neiṫesi uile ann a gclúasuiḃ: agus do líonadar na dáoine deagla ṁóir.


Agus a duḃairt Abimeleċ, Créad é so do rinne tú linne? do ḃéidir go luiḋfeaḋ duine don ṁuinntir léd ṁnáoi, agus go ttiuḃarṫá cionnta oruinne.


Agus tárla, ar maidin, féuċ, gurab í Léah do ḃí ann: agus a duḃairt seision ré Lában, Créud an ní si do rinne tú rium? naċ ar son Ráċel do rinne misi seirḃís duit? uime sin créd far ṁeall tú mé?


Agus tangadur mic Iácob ón ṁaċ amuiġ a nuáir do ċualadur sin: agus do ġlac doilġios íad, agus do ḃádur na fir ro ḟeargaċ, fa go ndéarna sé leiṁe a naġaiḋ Israel tré luiġe lé hinġin Iácob; ní nar ḋliġṫeaċ do ḋeanaṁ.


Agus táinic a steaċ na ccion ṫrí míosa na ḋiáiġ sin, gur hinniseaḋ do Iudah ag raḋ, Do rinne hinġean Támar meirdreaċus: agus feúċ fós atá sí torraċ o stríopaċus: agus a duḃairt Iudah, Tugṫar amaċ í, agus a loiscṫear í.


Ní ḃfuil duine is mó ná mé iona ṫiġ; agus níor ċonnuiṁ sé éinní uaim, aċ ṫusa, do ċionn gur tú a ḃean: cionnus ḟéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacaḋ do ḋéanaṁ a naġuiḋ Dé?


Agus do las fearg Ḋáiḃi go mór a naġaiḋ an duine; agus a duḃairt re Nátan, Mar ṁairios an TIĠEARNA, an té do rinne sin geaḃuiġ sé bas go deiḃin:


Agus do ḟreagair sisi é, Ní heaḋ, a ḋearḃraṫair, ná héigniġ mé: óir ní cóir a leiṫeid sin do ḋéanaṁ a Nisrael: ná déanasa an leiṁesin.


Agus a duḃairt Maóise re Haáron, Créad do rinneadar na dáoinesi ort, as a ttug tú a ċoṁmór so do ṗeacaḋ orra?


Agus do ċuir an TIĠEARNA pláiġ ar an bpobal, do ċionn an láoiġ do ḋeanaṁ, noċ do rinne Aáron.


Giḋ bé ḃéaras air an ḃfíréun seaċrán do ḋéanaṁ a ndroiċṡliġe, tuitfiḋ sé féin iona ṗoll: aċt biáiḋ neiṫe maiṫe a seilḃ an díriġ.


¶ Agus an té ḋéanas aḋaltrannas ré mnaói ḋuine eile, do ḋéanas aḋaltrannus re mnaói a ċoṁársan, cuirfiġear go deṁin an taḋaltrannaċ fir agus mná cum báis.


Oír ní ḃfuil cion ag Día ar ṗearsain seaċ a ċéile.


Dár ab éigean a mbéul do stopaḋ, dream ċuireas tiġṫe go huiliḋe fá ċéile, ag teagusg neiṫeann naċ cóir, do ġráḋ eudála néaṁġloine.


As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.


Agus a duḃairt Iosua, Cred as ar ḃuáiḋir tusa sinne? buáiḋeoruiḋ an TIĠEARNA ṫusa a niuġ. Agus do ċloċadar Israel uile lé cloċuiḃ é, agus loisgeadar íad lé teine, tar éis a ccloċaḋ lé cloċuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ