8 Uime sin do éiriġ Abimeleċ go moċ ar maidin, agus do ġoir a ṡerḃísiġ uile, agus do innis na neiṫesi uile ann a gclúasuiḃ: agus do líonadar na dáoine deagla ṁóir.
Uime sin annois aisig don ḟior a ḃean; óir is faiḋ é, agus guiḋfiḋ ar do ṡon, agus bíaiḋ tú beó: agus muna aisiogṫa tú í, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás go deiṁin, ṫú féin agus an ṁeid ġaḃus leaċd.
Ann sin do ġoir Abimeleċ Abraham, agus a duḃairt ris, Créd do rinne tusa linne? agus créud a nurċóid do rinne mé féin duit, ás a ttug tú peacaḋ mór oram féin agus ar mo rioġaċd? do rinne tú gníoṁa orumsa nár ċóir a ḋéunaṁ.