Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 20:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Uime sin annois aisig don ḟior a ḃean; óir is faiḋ é, agus guiḋfiḋ ar do ṡon, agus bíaiḋ tú beó: agus muna aisiogṫa tú í, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás go deiṁin, ṫú féin agus an ṁeid ġaḃus leaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 20:7
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċoncadar mar an ccéadna prionnsuiḋe Ṗárao í, agus do ṁoladar í a laṫair Ṗárao: agus rugaḋ an ḃean a steaċ go tiġ Ṗárao.


Agus do ṗláiġ an TIĠEARNA Ṗárao agus a ṫiġ lé pláġúiḃ móra ar son Ṡárai bean Abram.


Aċ do ċrann feasa maiṫeasa agus uilc, ní íosaiḋ tú ḋe sin: óir ánnsa ló a níosa tú ḋe éugfa tú go deiṁin.


Oír do ḋruid an TIĠEARNA go daingean a nuile ḃrú a ttiġ Abimeleċ, ar son Ṡárah bean Abraham.


Aċ táinic Dia go Habimeleċ a naisling sa noiḋċé, agus a duḃairt ris, Feuċ, ní ḃfuil ionnad aċ duine marḃ tres an mnáoi do ġlac tú; oir is bean fir í.


Uime sin do éiriġ Abimeleċ go moċ ar maidin, agus do ġoir a ṡerḃísiġ uile, agus do innis na neiṫesi uile ann a gclúasuiḃ: agus do líonadar na dáoine deagla ṁóir.


Eísd rinne a ṫiġearna: a táoisi ad ṗrionnsa ċuṁaċdaċ eadruinne, cuir do ṁairḃ an do roġa róiṁ aḋlaice dá ḃfuil aguinn: ní ċoinneoċuiḋ áonduine aguinn a ṫúma uáit.


Agus do laḃair Daiḃi ris an TTIĠEARNA a nuáir do ċonnairc sé an taingeal do ḃuáil na daóine, agus a duḃairt, Feuċ, is misi do ṗeacaiḋ, agus do rinne droiċ ní, aċ na caóiriġsi, cred do rinneadar? bíoḃ do láṁ am aġaiḋsi, guiḋim ṫú, agus a naġaiḋ ṫiġe maṫar.


Agus do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt ré hoglaċ Dé, Cuir impiḋe anois ar aġaiḋ do ṪIĠEARNA Dé, agus guiḋ ar mo ṡonsa go naisiocṫar mo láṁ ḋaṁ a rís. Agus do ġuiḋ óglaċ Dé an TIĠEARNA, agus do haisígeaḋ a láṁ a rís don ríġ, agus do ḃí sí mar dó ḃí rioṁe.


Aċt do ġaḃ fearg Náaman, agus dimṫiġ roiṁe, agus a duḃairt sé, Féuċ, do ṡaóil mé, go ttiucfaḋ sé amaċ ċugam go deiṁin, agus go seasfaḋ, agus go ngoirfeaḋ air ainm a ṪIĠEARNA Dé, agus go mbúailfeaḋ a láṁ ós cionn a noṫair, agus an loḃar do ṡlánuġaḋ.


Ġa ráḋ, Ná beanuiḋ rem ungṫaċaiḃ, agus ná déanuiḋ doċar ar biṫ dom ḟáiġiḃ.


Oír níor ġlan mórán don ṗobal íad féin, eaḋon mórán do Eṗraim, do Ṁanasseh, do Issaċar, agus do Ṡebulun, giḋeaḋ a dúadar an ċáisg ṫar mar atá scríoḃṫa. Aċt do ġuiḋ Heseciah ar a son, ġa ráḋ, Go maiṫiḋ an TIĠEARNA maiṫ dá gaċ áonduine


Ca ṁéad ní is luġa ris an té naċ ccuirionn suim a bpearsannuiḃ na bprionnsaḋ, agus naċ measann an saiḋḃir ní is mó na an boċd? óir is íad uile oibreaċ a láṁ.


Uimesin glacuiḋ ċugaiḃ anois seaċd mbulóga agus seaċd reiṫe, agus éirġiḋ a cceann mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób, agus ofraluiḋ súas ar ḃur son féin íoḋbuirt loisge; agus gúiḋfiḋ mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób ar ḃur son: óir glacfuiġ misi leis: deagla go ndéanuinn riḃ do réir ḃur leiṁe, do ċionn nar laḃraḃair orum an ní is ceart, mar mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób.


Atá rún an TIĠEARNA ag an luċd eagluiġeas roiṁe; agus foillsiġiḋ a ċunnraḋ ḋóiḃ.


Agus a duḃairt clíaṁuin Ṁaóise ris, An read do ni tú ní maíṫ é.


Agus biáiḋ sesion na ḟior edirṁíniġe agad ris an bpobal: agus biáiḋ sesion, éaḋon biáiḋ sesion féin a náit béil duitsi, agus biáiḋ tusa a náit Dé ḋósan.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóisi, Féuċ, do rinne mé Día ḋíot do Ṗárao: agus biáiḋ do ḋearḃraṫair Aáron na ḟáiḋ agad.


Ann sin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Ná guiḋ ar son na muinntiresi ċum maiṫiosa.


Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.


Aċt más faiġe íad, agus má atá bríaṫar an TIĠEARNA léo, déanaidis anois eadarġuiḋe ċum TIĠEARNA na slóġ, ċor naċ ttíaġaid na sóiġṫiḋe do fágḃaḋ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a ttiġ ríġ Iúdah, agus ann Ierusalem, don Ḃabilóin.


An tan a déara misi ris an cciontaċ, Do ġeaḃa tú go deiṁin bás; agus naċ ttiuḃra tusa raḃaḋ ḋó, agus naċ laiḃeora tú do ṫaḃairt raḃaiḋ don ċiontaċ fá na droiċṡliġe, do ṡáḃáil a ánma; éugfuiḋ an droċḋuine sin iona éigceart féin; aċt íarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.


An tan déaras mé ris an cciontaċ, A ḋroċ ḋuine, do ġeabba tú bás go deiṁin; muna laḃra tusa do ṫoirmiosg an ċiontuiġ ó na ṡliġe, do ġeaḃa an ciontaċ sin bás iona éigceart; aċt iarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.


Ann sin buḋ aṁla ḃías, do ċionn gur ṗeacuiḋ sé, agus go ḃfuil ciontaċ, go naíseógṫa sé an ní rug ar éigin leis, nó an ní fúair sé gó cealgaċ, no an ní tugaḋ ḋó a ttaisciḋ, nó an ní do ċuáiḋ a muġa noċ fuair sé.


Agus do ḋéana an sagart síṫ a laṫair an TIĠEARNA ḋó: agus maiṫfiġear ḋó arson éinneiṫe dá ndéarna sé ag sáruġaḋ ann.


Agus ar ḃfreagra do Ṡíomón, a duḃairt sé, Guiḋiġse an Tiġearna ar mo ṡon, gan ní ar biṫ do na neitiḃse a duḃraḃair do ṫeagṁail daṁ.


An tí laḃrus a dteanguiḋ ċoiṁṫiġe a sé féin ḟollumnuiġeas sé; aċd an tí do ní faiḋeadóireaċd follamnuiġiḋ sé a neagluis.


Dia, noċ do laḃair a nallód go minic agus ar ṁóġuiḃ éugsaṁla ris na haiṫreaċuiḃ tres na faiḋiḃ,


As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.


Dá ḃfaiciḋ éinneaċ a ḋearḃráṫair ag peacuġaḋ a bpeacaḋ naċ ḃfuil ċum báis, íarraiḋ sé, agus do ḃéura sé beaṫa don tí naċ déun peacaḋ ċum báis. Ata peacaḋ ann ċum báis: ní air a ṡon sin a deirim leis guíḋe.


Agus a duḃradar an pobal uile re Samuel, Guiḋ do ṪIĠEARNA Día air son do ṡeirḃíseaċ, go naċ ḃfaġam bás: óir do ċuireamar a gcionn ar bpeacaiḋ uile an tolcso, ríġ íarruiḋ dúinn féin.


Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ:


Agus a duḃairt Samuel, Cruinniġiḋ Israel uile go Mispeh, agus guiḋfiḋ misi ar ḃur son ċum an TIĠEARNA.


Agus a duḃradar clann Israel ré Samuel, Ná sguir dá ḃeiṫ ag coṁairc ċum an TTIĠEARNA Día air ar soinne, go ttárṫuiġ sé sinn as láiṁ na Bṗilistineaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ