Naċ duḃairt seision riomsa, Sí mo ḋeirḃṡíur í? agus sisi mar an gcéudna, isi féin a duḃairt, Sé mo ḋearḃraṫair é: a simpliḋeaċd mo ċroiḋe, agus a neiṁċionta mo laṁ, do rinne misi so.
Agus a duḃairt Día a naisling ris, Is fior, is aiṫniḋ daṁsa gur ó ċroiḋe ġlan do rinne tú so; óir do ċonnuiṁ mé ó ṗeacaḋ do ḋeunaṁ am aġaiḋ ṫú: uime sin nar léig mé duit buáin ria.
Ga ṁéid ós a ċionn sin, a nuáir do ṁarḃadar droċ ḋaoine duine fíreunta ann a ṫiġ féin ar a leabuiḋ? naċ íarrfa misi air a naḋḃarsin anois a ḟuilsion as ḃur láṁuiḃsi, agus siḃsi ṫógḃáil do ḋruim na talṁan?
Agus a duḃairt Dáiḃi re Día, naċ misi dfúagair an pobal dáireaṁ? is misi féin do ṗeacaiḋ agus do rinne an tolc ḋaríriḃ; aċ na caoruiġse, créd do rinneadar? guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, bíoḋ do láṁ orunsa, agus air ṫiġ maṫar; aċd ná bíoḋ air do ṗobal, as a bpíanfuiḋe íad.