3 Aċ táinic Dia go Habimeleċ a naisling sa noiḋċé, agus a duḃairt ris, Feuċ, ní ḃfuil ionnad aċ duine marḃ tres an mnáoi do ġlac tú; oir is bean fir í.
Uime sin annois aisig don ḟior a ḃean; óir is faiḋ é, agus guiḋfiḋ ar do ṡon, agus bíaiḋ tú beó: agus muna aisiogṫa tú í, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás go deiṁin, ṫú féin agus an ṁeid ġaḃus leaċd.
Agus do ċonnairc aisling, agus féuċ dréimre ar na ċur súas ar an talaṁ, agus ráinic a ḃárr go flaiṫeaṁnus: agus féuċ, aingil Dé ag dul suas agus ag teaċd a nṡúas ann.
Agus do ċonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá ḋearḃraiṫriḃ í, agus a duḃáirt, Féaċuiḋ, do ċonnairc mé fós aisling eile; agus féaċuiḋ, do rinne an ġrían agus an ġealaċ agus na háonréulta déug uṁla ḋaṁsa.
Agus do ċoncadur aráon aisling, gaċ áon aca a aisling féin a néanoiḋċe, gaċ neaċ aca do réir ḟriotail a aislinge; buitleir agús báicér riġ na Hégipte, noċ do ḃí ceanguilte san ṗríusún.
Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
Agus ag smúaineaḋ na neiṫise ḋó féuċ, do ḟoillsiġ aingeall an Tiġearna e féin dó a naisling, ag ráḋ, A Ióseṗ, ṁic Ḋáiḃi, na bíoḋ eagla ort do ḃean fein Muire do ġaḃáil ċugad; oir an ni atá ar na ġeineaṁuin innte is ón Spiorad Náoṁ é.
Agus ar suiḋe ḋósan an a ccaiṫír ḃreiṫeaṁnuis, do ċuir a ḃean teaċduireaċd ċuige, ag ráḋ, Ná bioḋ búain agad ris an ḃfiréun úd: óir is mór do ḟuiling misi a níuġ a mbrionglóid ar a ṡon.